Aerfort Chiarraí
Tá os cionn milliún euro de dheontas fógartha ag an tAire Iompair Shane Ross, do Aerfort Chiarraí ar an bhFearann Fuar. Is i dtreo costais reatha an aerfoirt atá an deontas á chur. Tá fáilte curtha ag an tAire Stáit sa Roinn, An Teachta Dála áitiúil Breandán Ó Grífín, roimhis an scéal. Ach dúirt an tAire Shane Ross go raibh comhairleoirí le ceapadh ag an Roinn san athbhliain, le féachaint ar thodhchaí aerfort réigiúnach Phort Láirge. Ní raibh aon eitiltí ar bhonn tráchtála san aerfort sin le hos cionn bliana go leith, agus caithfear féachaint anois ar na roghanna atá ann don aerfort amach anso. D'fhógair sé go raibh deontas €375,000 á cheadú aige d'Aerfort Phort Láirge, áfach, chun seirbhísí cuardaigh agus tarrthála an Gharda Cósta, atá lonnaithe ansan, a chosaint.
Bás fir
Tá na Gardaí i gCóbh Chorcaí i mbun fiosruithe i dtaobh bás tobann fir sna daichidí déanach de bhliantaibh.
Fuaireadh corp an fhir in árasán ag Cnoc a' Chuain ansan ar a 5 a chlog tráthnóna inné. Cuireadh fios ar na Gardaí agus ar na seirbhísí éigeandála, ach tugadh le fios go raibh an fear caillte go gairid ina dhiaidh san.
Tá fios curtha ar an gcróinéir agus ar an bPaiteolaí Stát, agus scrúdú iar-bháis le déanamh ar chorp an fir.
Daoine gan dídean
Tá 485 duine fásta gan dídean i gcontaetha Gaeltachta an Deiscirt anois, de réir an tuarascáil is déanaí maidir leis an ngéarchéim easpa dídine atá eisithe ag an Roinn Tithíochta inniu. Sin méadú 6% ar na figiúirí do mhí Dheireadh Fómhair. Tá 78 duine fásta gan dídean i gCo. Chiarraí, 109 duine i gCo. Phort Láirge, agus tá 298 duine gan dún gan áras i gCo. Chorcaí. Ina theannta san, tá 168 leanbh gan dídean san Iardheisceart, agus ceithre fichead leanbh acu san Oirdheisceart.
Scéim Cosanta ar Thuilte
Tá sé curtha in iúl ag Aire Stáit Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin Boxer Moran, don dTeachta Dála Aindrias Ó Muimhneahcáin Fianna Fáil ó Chúil Aodha, gur i dtosach na hathbhliana a bheidh lá eile eolais agus taispeántas poiblí mar gheall ar Scéim Fóirithinte Tuilte Bhaile Bhúirne. Bhí sé curtha in iúl cheana go mbeadh an lá eolais faoin Scéim Fóirithinte i mBaile Bhúirne roimh dheireadh na bliana so. Tá sé bliana caite ó bhí cruinniú eolais phoiblí in Óstán Gobnatan i mBaile Bhúirne mar a léiríodh réamh-phlean d'oibreacha fhalla cosanta agus claífort a bhí le tógaint ar an mbruach thuaidh d'abha an tSuláin.