Maoiniú

Cuireadh maoiniú ó bhuiséad blianiúil cheantar Bardasach Chiarraí Thiar agus Theas ar fáil le tacú le trí cinn déag de thionscadail éagsúla a chur chun cinn sa cheantar i gcaitheamh na bliana anuraidh.

Stáitse na nÓg

Is tráthnóna inniu agus amáireach a bheidh Stáitse na nÓg d'Óige na Leithinise ar siúl in Áras Bhreanainn ar an mBuailtín. Glacfaidh rannphártithe ó aon bhunscoil déag ar an Leithinis páirt i gcomórtais éagsúla agus bronnfar duaiseanna agus tabharfar aitheantas dóibh go léir.