45 cás tiomána faoi thionchar óil curtha ar athló

Tá 45 cás a bhaineann le bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil curtha ar athló i gCúirt Dúiche Leitir Ceanainn inniu.  

Cuireadh na cásanna seo siar arís inniu mar gheall ar dhúshlán Ardchúirte a thóg fear as an Rómáin, áit ar aontaigh an chúirt go gcaithfeadh eolas ón ghléas análaithe a bheith tugtha dó i scríbhinn i nGaeilge agus i mBéarla.  

Tá achomharc déanta ag an stáit anois chuig an Chúirt Uachtarach ach níl dáta socruithe don achomharc go fóill.  Mar gheall ar an chás Ardchúirte cuireadh cásanna faoi thiomáint faoi thionchar an óil i nDún na nGall ar athló ag suíonna cúirte eile.  

Dúirt an Breitheamh Paul Kelly inniu nach mbeadh sé ceart na cásanna a bhí le bheith os a chomhair inniu a chaitheamh amach go hiomlán, agus gur cheart fanacht le breith na cúirte uachtaraí.  

Dúirt Susan Gray ón Ghrúpa Sábháilteachta Bóthair PARC in Inis Eoghain go bhfuil sé náireach go bhfuil na cásanna seo á gcur siar agus go bhfuil rialacha tráchta á sárú ag daoine , mar nach bhfuiltear á gciontú faoin dlí.

Tine sa Naíolann

Tharla tine bheag i Naíolann Ghaoth Dobhair i bhfoirgneamh Áislann Ghaoth Dobhair roimh am lóin inniu.  

Bhí briogáid dóiteáin Ghaoth Dobhair ar an láthair agus b'éigean páistí agus daoine fásta a chuir as an Naíolann, as an leabharlann agus as na hoifigí ar fad san Áislann dá bharr.  

Tuigtear gur triomaitheoir láimhe i leithreas a chuaigh ar thine ach rinneadh á cheansú go gasta.  Tuigtear nár dearnadh mórán damáiste dá bharr.

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá Otharlann Leitir Ceanainn ar an dara otharlann is gnóthaí sa tír inniu de réir na bhfigiúirí ó Chumann Altraí agus Ban Chabhrach na hÉireann.  

38 othar atá ar thralaithe inniu san otharlann, cúigear is fiche san Aonad Timpiste agus Éigeandála agus triúr déag sna bardaí.  

Iarrtar ar an phobal gan freastal ar an aonad inniu muna bhfuil géarghá leis mar go mbeidh moill fhada orthu.  Iarrtar ar dhaoine freastal ar a ndochtúirí teaghlaigh.

Glaonna idirnáisiúnta ó chaimiléirí

Tá rabhadh a thabhairt do phobal Dhún na nGall a bheith ar an airdeall faoi scairteanna gutháin atá a bhfáil ag daoine ó uimhreacha idirnáisiúnta.  

Deirtear gur camscéim atá sna scairteanna seo agus nár cheart do dhaoine freagair a thabhairt ar na scairteanna nó glaoch a chur ar na huimhreacha mar go gcosnaíonn gach scairt thart faoi €60.

Maoiniú de dhíth do bhóthar Tigh Solais Árainn Mhór

Tá Bainisteoir Chomharchumann Árainn Mhór, Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh, dóchasach go dtiocfar ar fhoinse maoinithe le dromchla ceart a chuir ar an bhealach fhad le Teach Solais an Oileáin.  

Dúirt sí go bhfuil fiche bliain caite ó cuireadh dromchla ar bith ar an bhealach sin, agus go bhfuil sin caite go maith anois agus go dteastaíonn gairbhéal úr a spréadh ann.  

Tá gá le bealach ceart fhad leis an Teach Solais, má táthar lena chlárú mar cheann de Thithe Solais Móra na hÉireann, a dúirt Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh, stadas a mheallfadh na mílte cuairteoir 'un oileáin, dár léi.  

Tá súil ag an Chomharchumann na torthaí ón staidéar féidearthachta ar fhorbairt an tí solais a bheith acu go luath, ach beidh bealach maith lárnach don togra, dar leis an Chomharchumann.

Seirbhísí dóiteáin Oileáin mí-shásúil

Níl seirbhísí dóiteáin ar na hoileáin amach ó chósta Dhún na nGall sásúil, a thug baill de Choiste Oileáin na Comhairle Contae le fios ag a gcruinniú le gairid.  

Níl na háiseanna dóiteáin atá ar fáil do Thoraigh agus d'Árainn Mhór sásúil, a dúirt an Comhairleoir Marie Therese Ní Ghallchóir, agus níl sé cothrom go bhfágtar pobail ar oileáin le seirbhís nach bhfuil iomlán sábháilte.  

Chuir an tuairisc a sceitheadh faoi na fadhbanna i stáisiúin dóiteáin Árainn Mhór imní ar Chomhairleoirí Contae Cheantar Bardais na nGleanntach, a dúirt sí, agus caithfear athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar na háiseanna atá ansin.  

Thug Conor Mac Seáin ó Sheirbhís Dóiteáin na Contae le fios go bhfuil siad ag scrúdú na líomhaintí a rinneadh san tuairisc sin, mar nach raibh an tseirbhís dóiteáin ar an eolas faoi na fadhbanna a deirtear a bhaineann leis an fhoirgneamh in Árainn Mhór.  

Caithfear staidéar a dhéanamh ar na fíricí, a dúirt sé, agus níl dáta leagtha síos go fóill go mbeidh an obair sin déanta.  

Rinneadh líomhaintí le gairid go raibh an stáisiúin dóiteáin ar Árainn Mhór tais, róbheag don fhoireann, nach raibh treallamh ceart ann agus nach raibh áiseanna traenála ar fáil daofa.
 

Fear á lorg ag Gardaí Leitir Ceanainn

Tá eolas eisithe ag Gardaí anois ag déanamh cur síos ar an fhear a rinne ionsaí ar bhean óg i Leitir Ceanainn luath maidin De Domhnaigh.  

Tharla an t-ionsaí ar Shráid an Chaisleáin in aice le Cearnóg an Mhargaidh idir 2.30 agus an trí a chlog maidin De Domhnaigh le linn don bhean óg a bheith ag siúl na bhaile.  

Deir na Gardaí gur fear 5 troigh agus 9 n-orlaí, sna tríochaidí a rinne an t-ionsaí.  Bhí gruaig fhionn air agus bhí sé ag caitheamh brístí dorcha, léine agus casóg dubh gorm.  

Tá na Gardaí ag iarraidh ar dhuine ar bith a chonaic an t-ionsaí nó a chonaic fear ag siúl sa cheantar seo i dtrátha an 3 a chlog maidin De Domhnaigh teagmháil a dhéanamh leo.

Fear ar a thriail sa Mhuileann gCearr

Cuireadh tús inné ar an Mhuileann gCearr le trial fir as Dún na nGall atá cúisithe as caora agus eallach a ghoid ó fheirm i gCill Bheagáin i gContae na hIarmhí in 2015.  

Phléadáil Barry Carr, 31 bliain d'aois as Paiteagó neamhchiontach as luach €107,300 d'eallach agus caoire a ghoid ón fheirm i mí an Mheithimh 2015.  

Tá sé curtha ina leith gur ghoid sé 75 ceann eallaigh agus 25 caora ó fheirm Niall agus Christa Dillon ag Cornaher san Iarmhí.  

Meastar go mairfidh an trial os comhair giúiré ar feadh roinnt laethanta agus deirtear go bhfuil sé ar an chás is mó maidir le goid ainmhithe a tharla riamh sa stát.  

Tá Barry Carr ar bannaí le coinníollacha diana ó cúisíodh é i mí an Mheithimh anuraidh.
 

Sciar Monaghan Mushrooms ar díol

Tá sé fógartha ag Grúpa Infheistíochta Dhún na nGall go bhfuil siad leis an sciar atá acu sa chomhlacht Monaghan Mushrooms a dhíol ar luath de thar €45m.  

Tá sciar 30% ar an ghrúpa infheistíochta san chomhlacht.  Tá 1,900 scairshealbhóir ag an chomhlacht Monaghan Mushrooms agus is as Dún na nGall 1,200 de na scairshealbhóirí sin.  

Rinne an grúpa infheistíochta an díolachán a fhógairt i ndiaidh d'aighnis leanúnach a theacht chun deiridh.

Caithfear cead na scairshealbhóirí a fháil anois agus dhéanfar sin ag cruinniú éigeandála roimh dheireadh na bliana.

Scéim le aibhneacha a ghlanadh 

Thug an tAire Stáit in Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin Boxer Moran, le fios le linn díospóireachta faoi thuilte sa tSeanad tráthnóna inné, go mbeidh clár píolóta á fhógairt aige go luath le cinntiú go nglantar aibhneacha agus díogacha go rialta feasta.  

Dúirt an tAire Stáit Moran go bhfuil sé de dhualgas ar ionadaithe poiblí agus ar Chomhairleoirí Contae a chinntiú go gcuirtear méid áirithe airgid ar leath taobh ina mbuiséad le déileáil leis na deacrachtaí a tharlaíonn mar gheall ar thuillte.  

Ach dúirt sé go mbeidh an rialtas ag leanúint leis an tacaíocht atá siad ag cur ar fáil do cheantair atá buailte mar gheall ar thuillte.  

Thug an tAire Stáit Moran le fios inné fosta go mbeidh sé ag tabhairt cuairte ar Dhún na nGall arís ag tús na seachtaine seo chugainn.

Scéim chúitimh d'fheirmeoirí

Tá Cigirí as an Roinn Talmhaíochta i nDún na nGall faoi láthair le scrúdú a dhéanamh ar níos mó ná 300 iarratais d'íocaíochtaí faoi scéim chúitimh d'fheirmeoirí.  

Chas na Cigirí le Brainse Dhún na nGall d'Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann inné agus dúirt Cathaoirleach an Bhrainse, Michael Chance, gur cruinniú thar a bheith dearfach a bhí ann.  

Beidh na Cigirí anois ag tabhairt cuairte ar na feirmeacha a rinne iarratais faoin scéim agus deir Michael Chance go bhfuil súil ag an chumann gur próiseas measartha gasta a bheas anseo agus go n-íocfar cúitimh leis na feirmeoirí roimh an Nollaig.  

Dúirt sé fosta go leanfaidh an IFA ag cur brú ar an Roinn Talmhaíochta an scéim a leathnú le freastal ar fheirmeoirí a chaill barr mar gheall ar an aimsir.  

Níl aon chúiteamh le fáil ag feirmeoirí a chaill barr faoin scéim seo faoi láthair, a dúirt sé.

Leithcheal déanta ar fheirmeoirí - TD McConalogue

Tá an Rialtas ag déanamh leithcheal ar fheirmeoirí ar chuir an droch aimsir isteach orthu, nuair nár lorg an rialtas cúiteamh ón Aontas Eorpach ar a son, a dúirt an Teachta Dála Charlie McConalogue.  

Ba chóir scéim bhuan cúitimh feirme a lorg, a deir sé,  le maoiniú a chuir ar fáil nuair a tharlaíonn tuillte, nó stoirmeacha móra agus go bhfágtar feirmeoirí as póca dá bharr.  

Chinntigh an tAire Michael Creed le gairid nár chuir an Rialtas scéim ina gClár Tuaithe le cúiteamh a íoc le feirmeoirí ar chuir an aimsir isteach orthu.  

Níl ciall ar bith leis an chinneadh seo, a dúirt an Teachta McConalogue, mar gur ag éirí níos coitianta atá na stoirmeacha agus tuillte sa tír seo, agus caithfear cosaint a thabhairt d'fheirmeoirí in éadan a leithid.