Dlí le cur ar chomhlacht ardaitheoirí 

Tá comhlacht a chuireann árdaitheoirí isteach in áiteachaí, le cur ar a dtrial i mí Meitheamh seo chugainn - faoi rialacha sláinte agus sábháilteacha a bheith dhá sárú  acu - maidir le árdaitheoir a feistíodh in Áras Uí Eidhin i nGaillimh 20 bliain ó shin. 

Is faoin Acht Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa san Ionad Oibre 1989, atá Ennis Lifts LTD as Inis i gCondae an Chláir dhá gcúisiú.

Táthar dhá dhéanamh seo de bharr ná raibh an obair a rinneadh ar an árdaitheoir sa bhfoirgneamh ar Shráid Aibhistín sa gCathair, ag cloí leis an gcaighdeán. 

Dúradh gur sáraíodh riallachaí a bhaineann leis an spas a atá in ainms a bheith idir an t-ardaitheoir agus an balla a bhfuil sé feistithe air. 

Tugadh le fios i gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe an tseachtain seo, gur cuireadh an dlí ar an gcomhlacht, mar gheall gur bhásaigh buachaillín óg trí bliana d'aois, Solomon Soremekun, go tragóideach sa bhfoirgneamh, i mí Eanáir 2014. 

Ní raibh an buachaillín óg agus a chlann - a tháinig as an Nigéir, sa tír ach le cúpla seachtain, nuair a thangadh an mí-ádh leo.  

Achomharc ar phleanáil a diúltaíodh do 49 theach i Maigh Cuilinn

Tá achomhairc déanta ag an mBord Pleanála maidir leis an iarratas pleanála a dhiúltaigh Comhairle Contae na Gaillimhe do 49 teach agus ionad cúram príomhúil a thógáil i gCoill Bhruachlán i Maigh Cuilinn.

Is iad an comhlacht Baile Bhruachalán Teoranta, a bhfuil seoladh acu i mBleá Cliath, atá ag déanamh na hachomhairce.

Nuair a diúltaíodh don iarratas seo i dtús ama, deir an Chomhairle Contae go gcuirfidh sé isteach go mór ar an bhforbairt atá le déanamh ar chuarbhóthar  thimpeall ar Mhaigh Cuilinn.

Bheadh 20% de na háiteacha cónaithe a bheadh ar an suíomh, le cuir ar fáil do dhaoine le Gaeilge a deirtear san achomhairc atá déanta ag an gcomhlacht.

Tá an 19ú Feabhra 2018 leagtha síos ag an mBord Pleanála le cinneadh a dhéanamh.

Admhaíonn gadaí gur ghoid sé suim argid €129,000

D'adhmhaigh fear chúig bhliana déag agus fich as ceantar an Mháma gur ghoid sé €129,000 ó Chomhar Creidmheasa i gCathair na Gaillimhe. 

Phléadáil Aiden O'Malley, as Béal Átha na mBreac sa Mám, ciontach in ocht gcinn de chúiseannaí samplacha, maidir le gadaíocht ó chúntaisí cuistiméirí - €27,500 uilig - ó Chomhar Creidmheasa Naomh Antaine, ar Shráid an Phríomhgharda i nGaillimh - idir mí na Samhna 2015 agus Lúnasa 2016. 

Deir abhcóide Aiden O'Malley, Conal McCarthy, go raibh ocht gcinn de na cúiseanna samplacha seo dhá fhreagairt aige, agus go mbeadh na fíricí dá n-adhmháil i seacht gcinn fhichead de chúiseannaí eile.  

Scéim feabhsúcháin Bóithre

Dúirt an Comhairleoir Condae, Seán Ó Tuairisg, nach bhfuil leath a ndóthain ama tugtha do dhaoine le sciar a chuir ar fáil do scéim feabhsúcháin bóithre LIS atá ag Comhairle Contae na Gaillimhe. 

Beidh ar dhaoine a chuir isteach ar an scéim an sciar áitiúil do 15% a bheith curtha ar fáil acu ar an 27ú den mhí seo.  

Thug an Comhairleoir ó Tuairisg le fios inniu ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, go bhfuil an Rialtas ag fógairt na scéimeanna seo i bhfad rodhéanach sa mbliain agus nach bhfuil an t-am seo feiliúnach ar chorr ar bith.

Moilleadóireacht FSS náireach - Seanadóir 

Deir an Seanadóir  Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil sé náireach, nach bhfuil aon socrú déanta fós ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi chás Aindriú Lydon as an Tuairín. 

Tuigtear don Seanadóir go bhfuil plé fós ar bun idir ranna éagsúla i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ó thaobh cúram baile a chur ar fáil do Andrew, a bhfuil an galar Néarón Luadrach ag dul dhó. 

San Aonad Árd Chúraim  in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh atá Andrew le os cionn bliana, ó cuireadh obráid air le fad a chur lena shaol.

Coinnigh an cháin mhaoine - Clr Welby

Tá an Comhairleoir Condae Tom Welby ag moladh anois nár cheart go gcuirfí 20% den airgead atá á bhailiú ar an gcáin mhaoine i gCondae na Gaillimhe, isteach i gciste náisiúnta.

Ba cheart an 20% a choinneál sa gcondae a deir an Comhairleoir.  

Tá Welby ag moladh gur cheart don rialtas ciste náisiúnta a bhunú iad fhéin agus an t-airgead a dháileadh amach ar na contaetha beaga nach bhfuil an teacht isteach acu ón gcáin mhaoine.