Dochtúireacht Oinigh
Bhronn Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Dochtúireacht Oinigh ar an tSiúr Stanislaus Ní Chinnéide, ball d' Órd Siúracha na Carthanachta ó Lios Póil ó dhúchas, agus atá buailte fuithe i mBleá Cliath, ag searmanas sa Helix ar champas na hOllscoile i nGlas Naíon maidin inniu. Bronnadh an dochtúireacht uirthi féin, agus iar Uachtarán Mheiriceá Bill Clinton agus bunathoir an Chomhlachta Glen Dimplex Martin Naughton ar maidin.
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
An clárúchán a bhí le bheith i bPobalscoil Chorca Dhuibhne anocht do ranganna oíche an Fhómhair, tá san curtha siar dtí Dé Máirt seo chugainn anois. Idir a 7 agus a 8 a chlog a d'fhéadfaidh daoine clárú dos na ranganna; ranganna déanaimh troscáin, fraincíse, Gaolainn do thosnaitheoirí agus scata eile.