Cultúr na nGael 

Tá cultúr na nGael fé léigear agus fé bhagairt ag tsunami an Bhéarla, ach ní mór dúinn a léiriú go bhfuil grá againn don mBéarla ach gurb í an Ghaelainn an chloch is mó ar ár bpaidrín, a dúirt Dónal Ó hAiniféin, saineolaí ar an bpolasaí nua oideachais Gaeltachta, in agallamh d'adhmhaidin inniu.
Dúirt sé chomh maith go raibh formhór na gcritéir a bhaineann le aitheantas mar scoil Ghaeltachta á gcomhlíonadh cheana féin ag roinnt mhaith de scoileanna Chorca Dhuibhne, agus go mbeidís in ann an stádas san a bhaint amach laistigh de 3 bliana, ach gurb é an téileamh is mó a bhí á dhéanamh acu, ná breis achmhainní daonna chun an polasaí a chur i bhfeidhm.
D'fhreastal trí fichead duine no mar sin, múinteoirí a bhformhór, ar an gcruinniú eolais fé bhuntáistí an tumoideachais, eagraithe ag bunscoileanna Chorca Dhuibhne i gcomhar le hOidhreacht Chorca Dhuibhne, i bPobalscoil Chorca Dhuibhne aréir.

Donald Caird


Bhí aithne mhaith ag daoine i gceantar Chorcha Dhuibhne  agus  go h-áirithe  i nDún Chaoin ar  iar Ard Easpag  Eaglais na hÉireann Donald Caird  cainteoir liofa gaolainne atá taréis bháis in aois a aon bhliain deag is ceithre fichid. Bhí léith ar leith aige leis an mBlascaod Mór, le Ionad an Bhlascaoid agus le Fondúireacht an Bhlascaoid agus dhein sé aifreann a chomhcheilliúradh ar an mBlascaod i samhradh na bliana 2002. Bhí an Dr. Caird ina Ard Easpag ar Bhaile Átha Cliath ó 1985 go 1996, ina Easpag ar an Mhí agus Cill Dara agus treimhse eile ina Easpag ar chontae Luimhní.

Bronnadh ar Mhickey Ned Ó Súilleabháin

Deineadh bronnadh speisialta aréir ag ocáid a bhí i gColaiste Ghobhnatan i mBaile Bhúirne d'albam pictiúirí leis an ngrianghrafadóir Nóra Ní Luasa fé bhua Choláiste Ghobnatan i gCraobh na hÉireann 2014 ar Mhickey Ned Ó Súilleabháin ó Neidín i gCiarraí Theas  atá ag éirí as an tseachtain seo tar éis cheithre mbliana is daichead a chaitheamh mar mhúinteoir corp oideachais, i gColáiste Íosagáin ar dtúis agus ansan i gColáiste Ghobnatan i mBaile Bhúirne. Bhí Micí Ned, iar chaptaen ar fhoireann sinsir caide Chiarraí, ar dhuine dos na chead mhuinteóirí corp oideachais a bhí sa tír seo agus is doigh leis go bhfuil spórt ana thabhachtach agus ana thairfeach i saol an duine óg i gcónaí.

Gradam Lóchrann


Bronnfar  buan ghradam Lóchrann Udaras na Gaeltachta na bliana seo ar an iar thrachtaire cruthannta Mícheál Ó Muircheartaigh ó Dhún Síon an Daingean ag comórtas peile na Gaeltachta i mbliana i dTuar Mhic Éadaigh an deire seachtaine seo chughainn. Is aitheantas náisiúnta an gradam seo do fhear go bhfuil níos mó ná a chion déanta aige i rith a shaoil do chursaí spóirt, Gaolainne agus Gaeltachta. Is mar thráchtaire spóirt is mó a cuireadh aithne ar Mhícheál agus bhí sé ag gábhail don gceird sin ar feadh treimhse ós cionn trí fichid bliain ó 1949 go 2010 nuair a chuaigh sé ar scur ós na dualgaisí sin.

Ardú ar theacht isteach Aerfort Chiarraí


Tugadh le fios ag cruinniú chinn bliana Aerfort Chiarraí i dTrá Lí inniu, go raibh ardú 4% ar theach isteach an aerfoirt go dtí nach mór sé mhilliún euró anois i 2016. Dúradh go raibh ardú ar theacht isteach laethúil i ngach réimse d'obair na háite, idir an siopa, an carrchlós agus díol breosla, de bharra ardú 6% a bheith tagaithe ar líon na bpaisinéirí a ghaibh trí Aerfort Chiarraí anuraidh.