Dheimhnigh John Hynes, Rúnaí Bhord Chumann Lúthchleas Gael na Gaillimhe, do RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go bhfuil clamhsáin oifigiúla faighte ag an mbord faoin gcaoi ar caitheadh le foireann peile na bPiarsach, Ros Muc, le linn chluiche ag an deireadh seachtaine.

Dúradh le hoifigeach ón gcumann, más fíor, gan bheith ag gaeilgeoireacht leis an bhfoireann ar pháirc na himeartha.

Dúradh sa chlamhsán gurbh é an réiteoir féin a bhagair ar an gcumann.

Dúirt John Hynes go bhfuil na clamhsáin seo curtha faoi bhráid an chórais oifigiúil fiosrúcháin aige.

Dúradh go nglacann an Bord leis gur cás tromchúiseach é go dtarlódh a leithéid seo, go háirithe i gCumann Lúthchleas Gael.

Tuigtear gur tharla sé seo ag cluiche a bhí idir Na Piarsaigh, Rosmuc agus Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach.

Cluiche Craoibhe Sóisir A an Iarthair, a himríodh i Ros a Mhíl Dé Sathairn seo caite, a bhí i gceist.

Tá sé deimhnithe nach é seo an chéad uair ar léiríodh mí-shástacht leis an réiteoir a luadh.

Beidh an fiosriúchán faoin gcás críochnaithe taobh istigh de 10 lá.