An Cllr. Micheal Ó Gliasáin fós neamhspleách

Deir an Comhairleóir Micheal Ó Gliasáin ó Chill Áirne agus ball do  phairtí Comhaontas Neamhspleách Chiarraí go mbeidh se féin agus baill an phairtí ag denamh cinneadh fé mhí Mheán Fhomhair seo chughainn an gcuirfidh siad iarrathóir chun cinn le seasamh sa chéad olltoghchán eile.

Deir sé in Agallamh d'Ádhmhaidean,go gcaithfidh Comhaontas Chiarraí mar pháirtí agus é féin go pearsanta a naigne a dhéanamh suas , an bhfuilid toilteanach an tam,an t-allas a shileadh  agus  an tairgead a chaitheamh chun iarrathóir a chur chun cinn sa chead Olltoghchán eile. 

Deir sé ná fuil aon spéis aige , agus nách lú go bhfuil  éinne dulta i dteanghmháil leis go dtí seo ós na páirtithe nua bhunaithe, leithéidí Rénua nó Comhghuallaíocht Neamhspleách ,chun luí leotha.

Tá an Páirtí a thugadh Comhghuallaíocht Neamhspleach Chiarrai Theas ortha féin ó bunaíodh iad i 1994 athraithe le déanaí agus cláraithe go hOifigiúil anois mar Chomaontas Neamhspleach Chiarraí a deir an Comhairleóir Contae Micheál Ó Gliasáin ó Chill Áirne.

Comórtas Slat-iascaigh

Is  sa Mhuileann i mBaile Bhúirne atá suas le leath chead slat iascaire ón dtír seo agus ó thar lear ag fanacht faid a bheidh ag iomaíocht i gcomórtaisí idirnáisiúnta slat iascaireachta  i gCiarraí agus i gCorcaigh i rith na seachtaine seo.

Beidh naoi fhoireann ar fad rannpháirteach sna comórtaisí ,trí fhoireann ón dtír seo  dhá fhoireann araon ó Albainagus an Fhrainc agus fóirne eile ó Shasana agus ón mBeilg.

Beidh na slat iascairí  ag iascach i nGuagán i Muscraí, ar Loch Léin i gCill Airne agus ar abhainn Ealla i dtuaisceart Chorcaí.

Tá na comórtaisí  iascaigh idirnáisiúnta seo á reachtáil fé scath comhnaidhm slat iascairí breac na hEireann.

Beidh mór pharáid trí bhaile Ceanntuirc ar a 6-30 trathóna inniu  ag cuir tús oifigiúil leis na comórtaisí,agus tabharfar amach na duaiseanna sa Mhuileann i mBaile Bhúirne ar an satharn seo chughainn an 8ú lá déag.

Deontas Ghael Taca

Tá €7,000 euro ceadaithe ag cruinniú Chomhairle Chontae Chorcaí inniu do Ghael-Taca mar chuid de shíntiús bliantúil na Comhairle don eagraíocht dheonach a chuireann an Ghaelainn chun cinn i gCorcaigh.

Fóram faisnéise i dTrá Lí

Tá suas le  300 duine  baill do fhorsaí  faisnéise  agus do fhorsaí cosanta dlí ó ar fuaid an domhain  ag freastal ar fhorum ilréimseach faisnéise  trí lá atá tosnaithe inniu  i mbaile Dhún Garabhán  sna Déise inniu.

Seo an ceathrú bliain an Fhorum Faisnéise seo a bheith á reachtáil i nDún Garabhán,agus tá  comisinéir  an Gharda Siochána Noirín ó Sullivan  ag tabhairt spreag aitheasc ag an bhForum ar maidin inniu.

Suíomhanna Chogadh na gCarad 

Tá ceist ar chlár chruinniú Chomhairle Chontae Chorcaí inniu (Dé Luain) ag an gComhairleoir Pádraig Ó Súilleabháin Fianna Fáil atá ag fiafraí cén cosaint ó thaobh oidhreachta de atá á tabhairt ag an Roinn Ealaíón, Oidhreachta agus Gaeltachta do shuíomhanna catha a bhaineann le Cogadh na Saoirse.