Nuacht an Iarthair: Caillteanas mór an bád iascaireachta an Iúda Naofa ach dea-scéala atá ann gur tháinig an criú ar fad slán.

Dúirt bainisteoir Chomharchumann Iascairí Árann agus na Gaillimhe, Seán Ó Gríofa gur caillteanas mór a bhí ann go ndeachaigh an bád iascaigh an Iúda Naofa go tóin poill ach gur dea-scéala é gur tháinig an criú ar fad slán.

Dúirt sé go mbíonn brú ar iascairí i gcónaí oibriú go crua agus iad i gcontúirt go minic ar mhaithe le slí bheatha a bhaint amach. Thug sé le fios go bhfuil ar na báid as an taobh seo tíre dul chomh fada ó thuaidh le Leodhais na hAlban an tráth seo den bhliain, mar gur ann atá an seol ronnach faoi láthair.

Teorainn idir Chomhairlí Contae agus Chathrach na Gaillimhe.

Déanfaidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil Alan Kelly fógra i nGaillimh ar maidin inniu faoi athbhreithniú a bheidh le déanamh ar an teorainn idir Comhairlí Contae agus Cathrach na Gaillimhe. Mairfidh an t-athbhreithniú seo 9 mí agus fógróidh an tAire na daoine a bheidh ar an gcoiste agus a bheidh ag plé leis ag ócáid i Halla na Cathrach i nGaillimh. Is mar chuid den athbhreithniú atá á dhéanamh ar an gcóras rialtais áitiúil atáthar á dhéanamh seo. Ag Coill Bhearna atá an teorainn ar an taobh thiar den chathair faoi láthair agus gar den mhótarbhealach atá an teorainn ar an taobh thoir.

Uisce na Ceathrún Rua

Tá sé tugtha le fios ag an gcigire ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Dara Page a rinne scrúdú ar uisce na Ceathrún Rua go bhfuil an chontúirt ann go raibh truailliú cripteaspóiridiam ag tarlú sa gceantar. Dúirt sé nach bhfuil an córas UV atá feistithe ag an loch in ann déileáil i gceart leis an gcripteaspóiridiam mar gheall ar an dath atá ar an uisce agus dá réir, nach féidir a chinntiú go mbaintear an cripteaspóiridiam ar fad as an uisce sula dtéann sé isteach sna píopaí.

Dúirt an cigire go bhfuil baol mór ó thaobh an chripteaspóiridiam mar gheall go bhfuil an loch sainnithe idir tithe sa gceantar. Thug sé le fios go raibh leibhéal ard den ábhar THM san uisce i chuile thástáil a bhí faighte ag an EPA go dtí an 5ú Nollaig agus dúirt sé gur cúis imní a bhí anseo.