Taisme i Leitir Ceanainn
Cuireadh moill ar thrácht ar phríomhshráid Leitir Ceanainn inniu nuair a tharla taisme idir dhá charr. In ainneoin nár gortaíodh aon duine go holc, bhí na seirbhísí éigeandála ar an láthair agus cuireadh moill mhór ar thrácht. Tharla an taisme in aice le hOstán Clanree agus is fada daoine ag gearán ag iarraidh go gcuirfí bacainn ar thaobh an bhealaigh leis an bealach a dhéanamh níos sabhailte.
Coláiste Turasóireachta na gCealla Beaga
Mhol an tÚdarás um Ardoideachas i dtuairisc a foilsíodh inniu ar Choláiste Turasóireachta na gCealla Beaga tacaíocht airgid a thabhairt don Choláiste ar feadh roinnt blianta le seans a thabhairt dóibh plean forbartha a chur le cheile. Bhí an baol ann go ndéanfaí an Chláiste Turasóireachta a athlonnú go Leitir Ceanainn mar gheall ar dheacrachtaí airgid. Chuir an Teachta Dála Thomas Pringle fáilte roimh an tuairisc. Dúirt sé go mbeidh sé sásta oibriú leis an Údarás agus cinntiú go gcuirfear maoiniú ar fáil don Choláiste le plean a chur le chéile.
Mainéar Uí Chuinneagáin
Cuireadh siar faoi choinneáil triúr fear as Doire a bhí os comhair cúirte i Leitir Ceanainn inniu maidir le heachtra robála ag Oifig Poist Mhainéar UI Chuinneagáin Dé Sathairn. Beidh siad os comhair cúirte i Ros Comáin De hAoine seo chugainn.
Nuachtán Goitse
Tá deireadh curtha leis an nuachtán Goitse. Bhí an nuachtán a bunaíodh i dtús báire sa bhliain 2010 dírithe ar pharóistí Ghaoth Dobhair, Chloich Cheann Fhaola agus na Rossa. Dúirt eagarthóir Goitse Danny Brown go raibh se doiligh fógraíocht a dhíol sa cheantar agus nach raibh sé ar a gcumas duine a chur amach leis an obair sin a dhéanamh.
Mainéar Uí Chuinneagáin
Tiocfaidh triúr fear os comhar Cúirt Dhúiche i Leitir Ceanainn ar maidin inniu, agus iad cúisithe in eachtra robála ag Oifig Poist Mhainéar Uí Chuinneagáin ar maidin Dé Sathairn. Gabhadh iad Dé Sathairn agus rinneadh an triúr a chúisiú ar maidin inné. Thug daoine áitiúla faoi deara fir ag dul isteach san oifig poist agus púicíní orthu agus cuireadh fios ar na Gardaí.
Buiséad
Beidh cruinniú ag Ceantar Bardais na nGleanntach inniu le buiséad na bliana seo chugainn a phlé. Seo an chead uair a mbeidh cruinnithe i ngach ceantar Bardais le buiséad a phlé.
Dhéanfaidh Stiúrthóir Airgeadais na Comhairle Contae Gary Martin cur i láthair do na Comhairleoirí ar na costais agus seirbhísí á gcur ar fail agus gheobhaidh na Comhairleoirí deis na príomhcheisteanna atá acu a phlé.
Grúpaí Pobail
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag moladh do ghrúpaí ar mhaith leo go ndéanfaí forbairt ar a gceantar agus a bhfuil plean forbartha curtha le cheile acu, teagmháil a dhéanamh leo. Tá
Leitir Ceanainn socraithe cheana féin mar gheata forbartha straitéiseach agus tá seacht gceantar eile sa chontae aitheanta mar lár-ionaid forbartha, Gaoth Dobhair ina measc. Dúirt Micheál ó hÉinne go bhfuil súil acu leathnú go ceantracha eile. Dúirt sé go bhfuil sé sásta oibriú le pobail agus eolas a fháil ar na hacmhainní sa cheantar sa dóigh is go dtig an ceantar sin a chur chun cinn chomh maith.