Beidh meitheal spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta ag triall ar Thír Chonaill agus Comórtas Peile na Gaeltachta á reáchtáil i gCill Charthaigh i mbliana idir an 29 Bealtaine agus 1 Meitheamh.

Beidh an t-aicsean, an chraic agus an spraoi ar fad le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Craolfar os cionn 30 uair an chloig d'ábhar beo ar an Raidió, ón gcéad chic go dtí go mbronnfar Corn an Aire ar an bhfoireann chaithréimeach tráthnóna Dé Luain.

Is iad CLG Cill Charthaigh atá i mbun Chomórtas Peile na Gaeltachta i mbliana. Ba sa bhliain 2004 a reachtáladh anseo go deireanach é.

Imreoidh clubanna ó Ghaeltachtaí na tíre chomh maith le clubanna ó Bhaile Átha Cliath agus ó Aontroim i gcomórtais na bliana seo.

Beidh Ródaí RnaG ag Páirc Tamhnaigh, Cill Charthaigh don deireadh seachtaine ar fad, agus beidh tráchtaireacht bheo ó na páirceanna ar fad le cloisteáil ó mheitheal spóirt an Raidió. Beidh gach cor agus cúiteamh á gclúdach acu go dtí go séidfear an fheadóg dheireanach sa bhabhta ceannais.

Cuirfidh Barrscéalta, arna chur i láthair ag Michelle Nic Grianna beo ó Chill Charthaigh tús leis na craoltaí seachtracha ar an Aoine 29 Bealtaine ag 11r.n. Beidh clúdach ar na cluichí ón Satharn 30 Bealtaine ag 11r.n. agus leanfaidh sé ar feadh an lae go dtí 9i.n.

Ar an Domhnach 1 Meitheamh ag 11.00r.n., craolfar Aifreann an Domhnaigh beo ó Theach Pobail Chill Charthaigh. Ansin, ó 11.45r.n. - 9i.n., craolfar cluiche ceannais idirmheánach shóisir na mban, mar aon le cluichí leathcheannais sinsir agus sóisir na bhfear.

Cuirfear clabhsúr leis an gComórtas ar an Luan 1 Meitheamh, le tráchtaireacht bheo ar an gceithre chluiche ceannais i gcomórtais na bhfear agus na mban, idir shinsir agus shóisir ó 9.55r.n. - 6i.n. Bronnfar Corn an Aire ar bhuaiteoirí Chluiche Ceannais Sinsir na bhFear an tráthnóna sin.

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta: "I mbliana tá muid ag cuairt ar Chill Chartha, club a bhfuil traidisiún fada sa gcomórtas acu agus atá ar cheann de clubanna is rathúla sa gcomórtas. Is onóir agus pribhléid dúinn é a bheith ag obair ag an gComórtas, sa Ródaí ar thaobh na páirce, ag coinneáil pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ar an eolas faoin méid atá ag titim amach ar na páirceanna imeartha agus ag tabhairt blaiseadh dóibh ar an gcraic agus an teacht le chéile a bhíonn ann gach bliain.

Seo’d é an craoladh spóirt is mó a dhéanann muid infheistíocht ann chuile bhliain agus beidh foireann an raidió ag craoladh 30 uair a chloig beo ó mhaidin Dé hAoine go tráthnóna Dé Luain, gan trácht ar an méid a bheidh ar na meáin shóisialta. Guíonn muid gach rath ar an gComórtas agus oraibhse ar fad a bheidh i láthair."

Is féidir éisteacht leis na craoltaí ar fad ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar líne ag rte.ie/rnag agus @rternag a leanúint ar Facebook agus Instagram.

TIMETABLE
sports
Seoladh Comórtas Peile na Gaeltachta 2026 i bPáirc an Chrócaigh: Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Áine Uí Choinn, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge CLG, Niamh Ní Churnáin, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Dónal Ó Laoire, Cathaoirleach Chomórtas Peile na Gaeltachta, Caolán Mac an Bhaird, Bhulf Tón, Fiach Ó Loingsigh, Cumann Caide Chorca Dhuibhne, Feargal Ó Grifín, Lios Póil, Conor Ó Cuirrín, An Rinn, Eoin Mac Giolla Chearra, Gaeil Fhánada, Darragh Mac Bhearsúla, Naomh Pádraig An Fhairche, Fiachra Mac Giolla Chóill, Gaoth Dobhair, Cathal Seoighe, Rúnaí Choiste Náisiúnta na Gaeilge, Maeve Quinn, Coiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta, Shane Walsh, TG4, and Michelle Ní Chróinín, Ceannasaí Cumarsáide agus Margaíochta Údarás na Gaeltachta and front row, from left, Vivienne Ní Niaidh, Carna Caiseal, Cian Ó Faoláin, An Seanphobal, Megan Nic Dhonnacha, Naomh Anna Leitir Móir, Louise Ní Dhochartaigh, Naomh Columba, Rian Mac Seáin, Cill Chartha, Kate Lawlor, Na Gaeil Óga, Niall Stenson, Na Gaeil Óga, Ciara Ní Dhochartaigh, Cill Chartha.