Tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag comóradh 75 bliain ar an bhfód i mbliana ó bunaíodh an eagraíocht sa bhliain 1951.
Ag ócáid speisialta i dTeach an Ard-Mhéara, bhronn Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly 'Gradam 75' Comhaltas Ceoltóirí Éireann ar chraoltóirí RTÉ Raidió na Gaeltachta, Neansaí Ní Choisdealbha agus Peadar Ó Riada.
Bronnadh na gradaim seo ar dheich bpearsa aitheanta san iomlán ar an oíche, mar chomhartha ómóis agus aitheantais ar an obair mhór a rinne siad chun cultúr an hÉireann a chur chun cinn ar fud na tíre agus thar sáile.
Buaiteoirí Ghradam 75' Comhaltas Ceoltóirí Éireann
Neansaí Ní Choisdealbha, RTÉ Raidió na Gaeltachta
Peadar Ó Riada, Oidhreacht Seán Ó Riada, Bonn Óir / Cuireadh Chun Cheoil, RnaG
Maggie Breathnach, Red Shoe Productions
Alan Esslemont, Iar Ardstiúrthóir TG4
Willie Fogarty, 'ComhaltasLive'
Michael Flatley, ‘Lord of the Dance’
Proinsias Ní Ghráinne, TG4
Kieran Hanrahan, iar léiritheoir Céilí House RTÉ
Pádraig Ó Dufaigh, Midlands 103 FM
David Power, Power Productions