Bronnadh Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta Podchraoladh Kinia Tech Féile 2026 ar dhaltaí óga as Gaelscoil Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach, Gaillimh don phodchraoladh is fearr ag TechFéile, ceann de na himeachtaí atá mar chuid de Seachtain na Teicneolaíochta Cruthaithí 2026 a bhí ar siúl san Explorium inniu.

Bronnadh an gradam, atá deartha ag an dealbhadóir Jarlath Daly ar na daltaí óga don phodchraoladh is fearr sa chomórtas. Déanann an podchraoladh plé ar scéalta taibhsí na hÉireann nach bhfuil a oiread sin clú orthu.

Tá Kinia Tech Féile aitheanta go náisiúinta mar thionscnamh atá bunaithe ag Kinia chun daoine óga agus na héachtaí atá bainte amach acu sa Teicneolaíocht Chruthaitheach a chéiliúradh ar fud na hÉireann.

Beidh na buaiteoirí i mbun cainte le Tristan Rosenstock ar Pé Scéal É ar RTÉ Raidió na Gaeltachta amárach, Dé hAoine 24 Aibreán ó 3in.

award