Déanann RTÉ Raidió na Gaeltachta comhbhrón ó chroí le teaghlach agus cairde an cheoltóra iomráiteach Máire Ní Bhraonáin as Gaoth Dobhair, a fuair bás sa bhaile aréir.

Chuir Máire Ní Bhraonáin an ceol Gaelach agus an Ghaeilge ar ardán idirnáisiúnta le blianta fada, agus ba ambasadóir iontach í don chultúr agus don teanga agus dá ceantar dúchais.

B'iomaí uair Máire ar chláracha de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta agus thug sí a cuid ama go fial flaithiúil i gcónaí.

Dúirt Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha: "Is údar mór bróin dúinn é in RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil Máire Ní Bhraonáin imithe ar shlí na firinne. Bean Ghaeltachta agus laoch ceoil le guth binn, ceolmhar, a bhí lárnach i scéal na tíre seo ó thaobh an cheoil. Chuir sí an Ghaeilge, an traidisiún agus an nuálaíocht ar ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta ar bhealach nach bhfacthas riamh cheana. Shiúil sí an domhain mhóir ag cur daoine faoi gheasa agus spreag sí amhránaithe agus ceoltóirí go leor, go h-áirid iad siúd as a gceantar féin. Tá muid thar a bheith buíoch di as an gcúnamh a thug sí dúinn in RTÉ Raidió na Gaeltachta go minic agus ba mhaith linn comhbhrón ó chroí a dhéanamh lena clann, gaolta agus cairde. Leaba i measc na naomh agus lucht an cheoil go raibh aici".

Craolfar aifreann sochraide Máire Ní Bhraonáin beo ar Facebook Live RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 2.00 Dé hAoine 17ú Aibreán 2026.

Inniu ar Bharrscéalta rinneadh saol Mháire a cheiliúradh le linn clár omóis ina cuimhne. Is féidir éisteacht siar leis an gclár anseo.