Tá Craobh Siansa Gael Linn 2026 buaite ag Aistear as contae an Chláir.

Bronnadh Trófaí Gael Linn agus seic €2,500 ar an ngrúpa. Craoladh craobh an chomórtais, a chuir i Tristan Rosenstock láthair beo ón gCeoláras Náisiúnta.

Tá comórtas Siansa Gael Linn ar an bhfód ón mbliain 2001 agus tá sé ar cheann de na príomhchomórtais ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta sa tír. Cothaíonn an comórtas dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige.

Bhí na ceoltóirí iomráiteacha, an fidléir Bernadette Nic Gabhann as contae na Mí, Edel Fox as contae an Chláir, a chasann an consairtín, agus an cruitire agus fliúiteadóir Oisín Morrison as Baile Átha Cliath bhí i mbun moltóireachta i mbliana.

Bhí Aistear san iomaíocht le seacht ngrúpa eile; Léas, Co. Chorcaí; Cludhmór, Co. an Chláir; Neart, Baile Átha Cliath; Lonrach, Co. Loch Garman; Teorainn, Co. Chiarraí & Co. Chorcaí; Beomhar, Co. Laoise & Uíbh Fháilí; agus Taisce, Co, na Gaillimhe

Ochtar ceoltóirí óga atá sa ghrúpa: Conall Ó Dorchaidhe, Ciarán Ó Braonáin, Diarmuid Ó Slatara, John Eibhúd, Ruaidhrí Mac Gearailt, Clodagh Ní Chinnéide, Ava Ní hAodhagáin agus Tara Ní Bhaoighill.

Is go Contaetha Laoise agus Uibh Fháillí a chuaigh an dara háit agus bronnadh €1,250 ar an ngrúpa Beomhar, baill an ghrúpa; Polly Ní Nualláin, Lila Ní Nualláin, Lucy Ní Mhaolmhuaigh, Áine Ní Chinnsealaigh, Fionnán Ó Daltúin. Taidgh Ó Daltúin, Seaic Ó hUiginn,agus Kieu Ní Chonraí.

Chuaigh an tríú háit, agus duais de €750, chuig Teorainn, as Contaetha Chiarraí agus Chorcaí, baill an ghrúpa: Timmy Keane, Sean Butler, Finín O'Connell, Eoin Foley, Vy ha O’Leary, Hayley Holly, Mahilet O’Leary, agus Cieran Vaquero.

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta: "Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta an-bhuíoch de Ghael Linn a eagraíonn an comórtas iontach seo do cheoltóirí óga agus an deis a thugann siad dúinn a bheith mar urraitheoirí ar an gcomórtas. Is pribhléid dúinn é go mbíonn muid in ann cabhrú leis na ceoltóirí óga seo, ag cur a gcuid ceoil ar ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta sa chraoladh a dhéanann muid ar an raidió agus ar an idirlíon. Ba mhaith linn comhghairdeas a dhéanamh leo ar fad, lena tuismitheoirí agus muinteoirí mar tá turas fada tugtha acu ar fad chun an sárchaighdeán seo a bhaint amach."

Dúirt Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, go gcuireann sé an-áthas go deo air tallann na ndaoine óga seo a fheiceáil ar cheann de na stáitsí is mó sa tír: "Bíonn Craobhchomórtas Siansa i gcónaí ar cheann de bhuaicphointí na bliana do Gael Linn. Bíonn scoth an cheoil, an léirithe agus na tallainne i measc na n-iomaitheoirí. Tá buíochas mór ag dul do na meantóirí a chuireann iliomad uair an chloig oibre isteach ag ullmhú na ngrúpaí seo don chomórtas agus, ag an am chéanna, ag láidriú ceol traidisiúnta na tíre i measc an aosa óig."

Is féidir éisteacht siar le Craobh Chomórtas Siansa Gael Linn 2026 ar shuíomh RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus beidh físeáin de na ceoltóirí ar fad in airde ar leathanach Youtube Gael Linn.