Beidh Adhmhaidin dhá scór bliain ar an aer ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Luan Cásca, an 6ú Aibreán. Chun comóradh a dhéanamh ar an gcloch mhíle seo, caithfidh láithreoir an chláir, Gormfhlaith Ní Thuairisg, chomh maith le roinnt aoichainteoirí, súil siar ar an bhliain 1986. Beidh Alan Dukes, an chéad aoi a bhí ag Adhmhaidin ar an gcéad chlár a craoladh riamh ar an 6ú Aibreán 1986 ar ais sa stiúideo.

Tabharfaidh Seán Ó Cuirreáin agus Máirtín Ó Catháin, beirt de na léiritheoirí a d'ullmhaigh an chéad eagrán riamh éisteoirí siar ar bhóithrín na smaointe. Pléifidh siad na hathruithe móra atá tagtha ar an tír agus ar an domhan mór ó shin. Beidh deis ag na héisteoirí roinnt blúiríní suimiúla ó chláracha ón bhliain 1986 a chloisteáil arís chomh maith.

Beidh Adhmhaidin ag dul ar an mbóthar, agus cláracha speisialta á gcraoladh ag Gormfhlaith agus a foireann ó thuaidh, ó dheas agus ón Ardchathair sna míonna amach romhainn mar chuid den gcomóradh.

Dúirt Gearóid Mac Donnncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta: "Chuile mhaidin le dhá scór bliain bhí Adhmhaidin lárnach i saol na Gaeltachta agus na Gaeilge mar phríomhfhoinse nuachta, eolais agus díospóireachta. Ó chuaigh an clár ar an aer den chéad uair i 1986, chuaigh lucht léirithe an chláir i ngleic le scéalta náisiúnta, idirnáisiúnta agus Gaeltachta, ag déanamh agallaimh, ag tuairisciú, ag cur anailís ar fáil, agus ag cur guthanna ár bpobal ar an aer. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh le gach aon duine a d'oibrigh le gairmiúlacht agus díograis ar an gclár, ina measc láithreoirí, léiritheoirí, tuairisceoirí, Reachtairí Rúnaíochta agus criú teicniúil. Tá buíochas ar leith ag dul dóibh siúd a thug a gcuid ama agus a tháinig ar an aer linn, a chuaigh faoi agallamh nó a rinne anailís ar an méid a bhí ag titim amach sa saol. Ach tá an buíochas is mó ag dul dár gcuid éisteoirí dílse a spreagann muid agus a mheabhraíonn dúinn an tábhacht a bhaineann le seirbhís phoiblí i gcroílár phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Agus muid ag breathnú chun cinn, tá a fhios agam go leanfaidh Adhmhaidin agus an criú atá ag obair ar an gclár leis an obair thábhachtach atá le déanamh. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leo agus gach rath a ghuí orthu."

Dúirt Gormfhlaith Ní Thuairisg, láithreoir Adhmhaidin: "Tá muide i bhfoireann Adhmhaidin bródúil agus buíoch as an éacht a rinne meitheal Adhmhaidin i 1986. Leag siad an bhunchloch do chlúdach nuachta agus cúrsaí reatha sa gcraoltóireacht Ghaeilge agus ní raibh a sárú le fáil ó shin. Tá na luachanna a bhí acusan ag an am ag croílár Adhmhaidin sa lá atá inniu ann - béim ar leith ar scéalta úra Gaeltachta, irisireoireacht chróga chothrom agus clúdach cuimsitheach, eolach ar chúrsaí nuachta na Gaeltachta, na tíre agus na cruinne."

radio presenter
Adhmhaidin 10 mbliana ar an aer i 1996: Michael D Ó hUiginn, a bhí ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, láithreoir Tomás Ó Ceallaigh, Tomás Mac Con Iomaire, Leas-Cheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, ceamaradóir Colm Ó Beirne agus a mac Enda, innealtóir fuaime Neansaí Ní Choisdealbha

radio presenter
Léiritheoirí Adhmhaidin, ar chlé agus ar dheis: Yvonne Igoe agus Cóilín Ó Neachtain, agus láithreoir Adhmhaidin, Gormfhlaith Ní Thuairisg sa lár

radio presenter
Gormfhlaith Ní Thuairisg, Láithreoir Adhmhaidin