Tá folúntas againn do Chlár Reachtaire i gCasla i gCo. na Gaillimhe faoi láthair.

Ina theannta sin, tá súil againn painéal a bhunú as a bhféadfar aon fholúntais a d'fhéadfadh teacht chun cinn a líonadh amach anseo.

Oibríonn an Clár Reachtaire i bpáirt le meitheal léiriúcháin, teicneolaíochta agus bainistíochta le seirbhís raidió den chéad scoth a chur ar fáil don phobal éisteachta.

Eolas faoin ról:

  • Taighde, léiriú agus láithriú ar chláir agus feasacháin i réimsí éagsúla
  • Obair iriseoireachta agus tuairisciú Cóip nuachta a scríobh, a aistriú agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu
  • Agallaimh agus píosaí fuaime a thaifead sa stiúideo agus ar láithreacha seachtracha eile
  • Eagarthóireacht a dhéanamh ar phíosaí fuaime atá réamhthaifeadta

Eolas fút féin:

  • Gaeilge den scoth, idir scríobh agus labhairt Taithí chraoltóireachta nó iriseoireachta Tuiscint faoi leith ar chultúr agus polaitíocht na tíre, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta
  • Cruthaitheacht, fiosracht agus samhlaíocht Tuiscint ar an nuacht agus an cumas chun breith stuama eagarthóireachta a thabhairt
  • Scileanna eagrúcháin agus cumarsáide den scoth agus a bheith in ann oibriú as a stuaim féin nó mar chuid d'fhoireann léiriúcháin
  • Scil agus spéis in úsáid a bhaint as na meáin shóisialta chun críche nuachta, chun ábhar a sheachadadh agus cur leis an lucht éisteachta

Beidh solúbthacht agus uaireanta neamhrialta i gceist, an deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí san áireamh. D'fhéadfadh sé go mbeadh taisteal i gceist ó am go chéile ag brath ar na dualgais oibre. Is í an Ghaeilge teanga oibre agus craoltóireachta na seirbhíse.

Cuirfear traenáil agus oiliúint ar fáil de réir mar a theastaíonn. Beidh an post á thairiscint mar cheapachán lánaimseartha ar chonradh dhá bhliain le scála tuarastail €53,853 - €84,337 sa bhliain.

Iarrtar ar iarrthóirí Curriculum Vitae a chur ar aghaidh chomh maith le litir chumhdaigh.

Ba chóir píosa 500 focal a bheith sa litir chumhdaigh a dhéanann cur síos ar na cúiseanna gur mhaith leat a bheith i do Chlár Reachtaire agus an méid gur mhaith leat a bhaint amach sa ról. Ní mór an dá cháipéis a bheith i nGaeilge, agus iad a bheith mar chomhad amháin mar chuid den iarratas ar líne.

Is é an spriocdháta i gcomhair iarratais ná Dé Máirt, an 7ú Aibreán 2026.

Is féidir breis eolais a fháil agus iarratas a dhéanamh ag an nasc seo.