Tá ceithre ainmniúcháin faighte ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Féile na Meán Ceilteach 2026 sa rannóga seo a leanas
Stáisiún Raidió na Bliana
Láithreoir na Bliana (Fuaim) - Tristan Rosenstock
Clár Ceoil (Fuaim) - Cuan an Cheoil – Cathal Ó Curráin agus Megan Nic Fhionnghaile
Sraith Faisnéise - Oileánach le Treasa Bhreathnach
Is í seo an 47ú bliain d'Fhéile na Meán Ceilteach, agus tugann an fhéile aitheantas do scoth na saothar a léiríodh sna réimsí seo a leanas: raidió, teilifís, scannánaíocht agus na meáin dhigiteacha sna tíortha Ceilteacha - Éire, Albain, Corn na Breataine, Oileán Mhanann, an Bhriotáin agus Galicia.
Beidh féile na bliana seo ar siúl i mBéal Feirste idir an 2-4 Meitheamh, agus tiocfaidh craoltóirí, léiritheoirí agus lucht na n-ealaíon le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar shárchruthaitheacht ó na náisiúin Cheilteacha.