Tá folúntas do Chlár Reachtaire againn i mBaile na nGall i gCo. Chiarraí faoi láthair. Oibríonn an Clár Reachtaire i bpáirt le meitheal léiriúcháin, teicneolaíochta agus bainistíochta chun seirbhís raidió den gcéad scoth a chur ar fáil don bpobal éisteachta.
Eolas faoin ról:
I measc na ndualgas a bheidh ar an gClár Reachtaire, beidh:
- Taighde, léiriú agus láithriú ar chláir agus feasacháin i réimsí éagsúla
- Obair iriseoireachta agus tuairisciú
- Cóip nuachta a scríobh, a aistriú agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu
- Agallaimh agus píosaí fuaime a thaifead sa stiúideo agus ar láithreacha seachtracha eile
- Eagarthóireacht a dhéanamh ar phíosaí fuaime atá réamhthaifeadta
Eolas fút féin:
- Táimid ag lorg daoine leis na tréithe seo a leanas:
- Gaeilge den scoth, idir scríobh agus labhairt
- Taithí chraoltóireachta nó iriseoireachta
- Tuiscint faoi leith ar chultúr agus polaitíocht na tíre, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta
- Cruthaitheacht, fiosracht agus samhlaíocht
- Tuiscint ar an nuacht agus an cumas chun breith stuama eagarthóireachta a thabhairt
- Scileanna eagrúcháin agus cumarsáide den scoth agus a bheith in ann oibriú as a stuaim féin nó mar chuid d'fhoireann léiriúcháin
- Scil agus spéis in úsáid a bhaint as na meáin shóisialta chun críche nuachta, chun ábhar a sheachadadh agus cur leis an lucht éisteachta
- Suim agus eolas acu faoin tseirbhís a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil don phobal
Beidh solúbthacht agus uaireanta neamhrialta i gceist, an deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí san áireamh. D'fhéadfadh sé go mbeadh taisteal i gceist ó am go chéile ag brath ar na dualgais oibre. Is í an Ghaeilge teanga oibre agus craoltóireachta na seirbhíse.Cuirfear oiliúint ar fáil de réir mar is gá.
Más mian leat an deis seo a thapú iarrtar ort Curriculum Vitae a sheoladh chomh maith le litir chumhdaigh. Ba chóir 500 focal a bheith sa litir chumhdaigh ag cur síos ar na cúiseanna gur mhaith leat a bheith i do Chlár Reachtaire agus an méid gur mhaith leat a bhaint amach sa ról. Ní mór an dá cháipéis a bheith i nGaeilge, agus iad a bheith mar chomhad amháin mar chuid den iarratas ar líne.
Beidh an post á thairiscint mar cheapachán lánaimseartha ar bhonn leanúnach le scála tuarastail €53,853 - €84,337 sa bhliain.
Is é an spriocdháta i gcomhair iarratais ná Dé hAoine, an 6ú Márta.
Tá RTÉ tiomanta don éagsúlacht agus don ionchuimsiú i ngach a ndeinimid- bíodh san ar an aer nó ar chúl stáitse. Tá sé i gceist againn saol níos ionchuimsithí a chruthú, dul i ngleic le heaspa ionadaíochta agus ag an t-ionchuimsiú seo a neadú i ngach céim den aistear a bhíonn ag ár bhfoireann.
Cuirtear fáilte roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla, gan aon bheann ar chúrsaí inscne, ar chlaonadh gnéis, ar fhéiniúlacht inscne, ar aois, ar thaithí sóisialta, ar chine agus eitneacht, ar mhíchumas, ar stádas sibhialta agus teaghlaigh, ar chreideamh agus ar bhallraíocht den Lucht Siúil.
Tá fonn orainn aon socrú réasúnta is féidir a dhéanamh d'aon bhall foirne reatha nó ball foirne a d’fhéadfadh a bheith againn feasta a bheadh faoi bhac d’aon tsórt. Más mian leat go ndéanfaí aon socrú ar leith duit don agallamh, mholfaimis duit é sin a chur in iúl dúinn ar do chaothúlacht.
Is féidir breis eolais a fháil agus iarratas a dhéanamh ag an nasc seo.