Cuirfear fáilte roimh iarratais le haghaidh Clár Intéirneachta Gaeilge RTÉ 2026, le tosú ar an 2 Meitheamh agus ag críochnú ar an 4 Nollaig.

Tugann Clár Intéirneachta RTÉ deis duit tús a chur le do ghairm sna meáin.

Ceapfar trí intéirneach le Gaeilge, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Beidh duine amháin lonnaithe i gceannáras RTÉ i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath, agus beidh an bheirt eile lonnaithe sa Ghaeltacht, i gConamara, i gCorca Dhuibhne nó sna Doirí Beaga.

Beidh an triúr seo ag plé go sonrach le craoltóireacht na Gaeilge. Cuirfear fáilte dá réir roimh iarrthóírthí a bhfuil ardchumas sa Ghaeilge acu, ón Ghaeltacht nó lasmuigh di. Beidh siad ag obair ar bhonn lánaimseartha, le RTÉ, craoltóir náisiúnta na hÉireann. Íocfar tuarastal le linn na hintéirneachta seo.

Beidh an triúr mar chuid de mheitheal oibre RTÉ agus gheobhaidh siad taithí phraiticiúil i réimsí éagsúla ar fud na heagraíochta. Oibreoidh siad go dlúth le foirne sna rannóga físe, fuaime, nuacht agus cúrsaí reatha, agus ar líne.

Le linn na tréimhse oiliúna seo, caithfidh siad seal ag obair le Raidió na Gaeltachta, Nuacht RTÉ agus TG4 agus ar Chláracha Gaeilge RTÉ.

Mar cheann de na gnéithe is suntasaí a bhaineann leis an gclár oiliúna, déanfaidh na hintéirnigh cúrsa 3 seachtaine mar mheitheal fhoghlamtha i gceannáras RTE i nDomhnach Broc. Beidh deis acu cur lena dtaithí, foghlaim conas ábhar a fhoilsiú ar ardáin éagsúla fuaime, físe agus scríofa, agus obair mar chuid de meitheal oibre RTÉ faoi threoir meantóirí.

Spriocdháta: Glacfar le harratais roimh meán oíche ar an 25 Feabhra, 2026.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus iarratas a dhéanamh anseo.