Tá Bonn Óir Sheáin Uí Riada 2026 buaite ag Ríona Hely as Inis, contae an Chláir. Craoladh craobh an chomórtais beo ó Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh oíche Aoine 23 Eanáir ar an gclár Cuireadh Chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, curtha i láthair ag Peadar Ó Riada.

Bhí an comórtas dírithe ar na huirlisí giolcaigh miotail i mbliana, lena n-áirítear an bosca ceoil, an consairtín agus an t-orgán béil. Ba iad na ceoltóirí iomráiteacha Mary Mac Namara as contae an Chláir, a chasann an consairtín, agus na boscadóirí Johnny Óg Connolly agus Danny O Mahony a bhí i mbun moltóireachta i mbliana.

Bhí 15 ceoltóir ó gach cearn den tír, beirt as Meiriceá ina measc, san iomaíocht don duais mhór i mbliana. Bronnadh an bonn óir, a dhear Niamh Utsch, agus €2500 ar Ríona.

Tá Ríona i mbun céime sa Cheol agus sa Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Tá a lán duaiseanna buaite aici, duaiseanna Fleadh Ceoil agus Siansa san áireamh. Tá sí tiománta do thraidisiún an cheoil a thabhairt ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile, agus múineann sí ranganna ceoil i gCorcaigh agus i gcontae an Chláir. Tá suim faoi leith ag Ríona i sean-stíl an chonsairtín, agus bhí tionchar mór ag Elizabeth Crotty agus Kitty Hayes ar a cuid ceoil.

Is féidir éisteacht siar le Bonn Óir Seán Ó Riada 2026 anseo: