Ar Déardaoin an 15 Eanáir, bhí Tús Áite beo ó Ard-Oifig an Phoist, chun comóradh céad bliain de chraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn a sheoladh go hoifigiúil. Bhí Fachtna Ó Drisceoil agus foireann Tús Áite ag craoladh ó shean-oifig an Aire Poist agus Teileagraif, ag breathnú amach ar Shráid Uí Chonaill as an bhfoirgneamh ina raibh Raidió Éireann lonnaithe i 1926.

Chuala muid comhráití faoi stair na seirbhíse agus agus cuimhní cinn le haíonna speisialta ar an gclár: iar-chraoltóir agus léiritheoir RTÉ Doireann Ní Bhriain, iar-innealtóir fuaime RTÉ Síle Ní Bhaoill, iar-léiritheoir RTÉ Ian Lee agus Iarfhlaith Watson, Ollamh Comhlach, Scoil na Socheolaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

RTÉ 100 Raidio na Gaeltachta Tús Áite
Iar-innealtóir fuaime RTÉ Síle Ní Bhaoill, Fachtna Ó Drisceoil, RTÉ Raidió na Gaeltachta, iar-chraoltóir agus léiritheoir RTÉ Doireann Ní Bhriain, iar-léiritheoir RTÉ Ian Lee agus Iarfhlaith Watson, Ollamh Comhlach, Scoil na Socheolaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Roghnaigh Ian Lee roinnt míreanna speisialta ón gcartlann chomh maith.

Is féidir éisteacht siar leis an gclár iomlán anseo.