Craolfar Comórtas Bonn Óir Seán Ó Riada ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine beag seo, 23 Eanáir ar an gclár Cuireadh Chun Ceoil, arna chur i láthair ag Peadar Ó Riada ó 7 i.n, beo ó Óstán Rochestown Park i gcathair Chorcaí.

Tá an comórtas dírithe ar na huirlisí giolcaigh miotail i mbliana, lena n-áirítear an bosca ceoil, an consairtín agus an t-orgán béil. Tá 15 ceoltóir ó gach cearn den tír san iomaíocht don duais mhór i mbliana - an bonn óir, deartha ag Niamh Utsch agus €2500.

I measc na n-iomaitheoirí tá Caitríona Fee as Nua-Eabhrac a sheinneann an consairtín agus a chaith tréimhse ag múineadh Steve Martin, an t-aisteoir cáiliúil. Dúirt Caitríona gur pribhléid a bhí ann di an consairtín a mhúineadh do agus é i mbun aisteoireachta sa tsraith Only Murders in the Building. Tá cónaí ar Chaitríona i Virginia agus múineann sí an consairtín do bhannaí céilí agus sa Scoil Cheoil Ghaelach i mBaltimore.

Is Gael-Mheiriceánach é Colm Kadis. Chuaigh an ceol Gaelach i bhfeidhm go mór air mar thoradh ar an spreagadh a fuair sé óna sheanathair, a rugadh in Éirinn ach a tógadh i Meiriceá. Is de bhunadh Bhaile Deasumhan i gCorcaigh agus Oileán Chiarraí sin-seantuismitheoirí Choilm. Chuaigh ceol Shliabh Luachra i bhfeidhm go mór ar sheanathair Choilm, agus thug a chuid garmhac leo ó dhúchas é. Is breá le Colm a bheith ag seinm nuair nach bhíonn sé ag taisteal ar fud fad Mheiriceá mar chomhairleoir ar fheirmeoirí déiríochta.

I measc na n-iomaitheoirí eile tá Ademar O Connor, ceoltóir il-uirlise as Contae Uibh Fháilí, Ciarán O'Connell, boscadóir agus píobaire uilleann as Luimneach, Joseph Mannion, boscadóir as Port Láirge. As Tiobraid Árann, tá an boscadóir Colm Slattery san iomaíocht, agus William Holmes, an t-aon iomaitheoir a bheidh ag seinm ar an orgán béil. Tá beirt as Contae an Chláir, Aidan Quigney ar an bhfeadóg mhór, agus Ríona Hely ar an gconsairtín san iomaíocht, agus beirt as Ard Mhacha; Oisín Ó Brolacháin ar an gconsairtín, agus an píobaire Annalise Whyte. Ón Iarmhí, tá Caomhan Mac Gabhann, a sheinneann an consairtín. Faoi dheireadh, tá triúr as Corcaigh – beirt ar an gconsairtín; Éabha Ní Mhurchú as Na hUamhanna agus Sean Ahern as Cill Bhriotáin, agus an boscadóir Amhlaoibh Ó Siocháin Ó Beoláin as Mainistir Fhear Maí.

I mbliana is iad na ceoltóirí iomráiteacha Mary Mac Namara as Contae an Chláir, Johnny Óg Connolly as Conamara agus an Ciarraíoch Danny O Mahony a bheidh i mbun moltóireachta.

Dúirt Peadar Ó Riada, a d’eagraigh an comórtas agus a chuirfidh i láthair é go bhfuil sé "ana shásta go bhfuil an comórtas ag dul ó neart go neart le hiomaitheoirí againn ó chuile chearn den domhan agus beirt iarrthóir as Meiriceá tar éis áit a bhaint amach sa chraobh i mbliana. Tá an caighdeán an-ard agus tá muid sásta ach go h-áirithe, mar go bhfuil an ghlúin óg ag filleadh ar an gcomórtas bliain i ndiaidh bliana. Bíonn ceol den scoth sa chomórtas beo agus agus leanann sé ar feadh na hoíche!"

Beidh ticéid ar fáil ar an doras ar chostas €10 agus tá lascaine ar fáil ar sheomraí in Ostán an Rochestown dóibh siúd a bheidh ag freastal ar an ocáid. Beidh an chraobh á craoladh beo ar leathanach Facebook RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin.

Craolfar Comórtas Bonn Óir Seán Ó Riada beo ar Cuireadh Chun Ceoil le Peadar Ó Riada ó 7i.n. ar an Aoine 23 Eanáir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.