Ar mhaith leat oibriú le RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla i gConamara?

Tá post runaíochta agus riaracháin ag clúdach saoire tinnis ar fáil.

Tá muid ag lorg daoine a bhfuil taithí acu ar obair oifige, le Gaeilge mhaith, atá go maith leis an bpobal agus a bhfuil suim acu in RnaG.

Seol CV agus litir chuig riarthoir@rte.ie nó cuir sa phost é chuig RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla, Gaillimh roimh an Luan, an 19ú Eanáir 2026.