Tá tús curtha le bliain nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus beidh sceideal lán le ceol, caint, spórt agus craoltaí speisialta le cloisteáil ar bhonn seachtainiúil.

Ar an 9 Eanáir, cuirfidh Máire Treasa Ní Dhubhghaill Pé Scéal É i láthair beo ón RDS do Chomórtas Stripe na nEolaithe Óga. Cloisfimid ón gcéad ghlúin eile d'eolaithe a mbeidh tionchar nach beag acu ar shaol an lae amáraigh.

Ar Déardaoin an 15 Eanáir, beidh Tús Áite beo ó Ard-Oifig an Phoist, chun comóradh céad bliain de chraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn a sheoladh go hoifigiúil. Beidh Fachtna Ó Drisceoil agus foireann Tús Áite ag craoladh ó shean-oifig an Aire Poist agus Teileagraif, ag breathnú amach ar Shráid Uí Chonaill as an bhfoirgneamh ina raibh Raidió Éireann lonnaithe i 1926. Cloisfear comhráití faoi stair na seirbhíse ar an gclár, chomh maith le hábhair ón gcartlann agus cuimhní cinn le haíonna speisialta a bheidh i láthair don ócáid.

Leanfaidh an tsraith ceoil Beo ón gCuan le linn mhí Eanáir, agus beidh plúr na ngrúpaí traidisiúnta le cloisteáil. San áireamh tá Shaskeen ar an 8 Eanáir, Dordán ar an 15 Eanáir agus Steve Cooney agus Breanndán Ó Beaglaoich ar an 22 Eanáir.

Ar an 23 Eanáir, beidh Comórtas Bonn Óir Seán Ó Riada á chraoladh beo ó Óstán Rochestown Park i gcathair Chorcaí, ar an gclár Cuireadh Chun Ceoil, arna chur i láthair ag Peadar Ó Riada. Tá an comórtas dírithe ar na huirlisí giolcaigh miotail i mbliana, lena n-áirítear an bosca ceoil, an consairtín agus an t-orgán béil. Beidh 15 iomaitheoir san iomaíocht don dhuais mhór - an bonn óir agus €2500.

Beidh féasta ceoil ó Thionól Ceoil Nioclás Toibín, féile amhránaíochta agus ceoil i nGaeltacht na nDéise ar an aer idir 31 Eanáir agus 3 Feabhra. Cloisfear eagráin speisialta de An Saol Ó Dheas le Sláine Ní Chathalláin, agus Ceol Binn Ó Na Beanna le Neansaí Ní Choisdealbha ón bhféile.

Ar an 26 Feabhra, beidh Téada agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ i gCeoláras Náisiúnta mar chuid de chomóradh céad bliain RTÉ, agus beidh láithreoir RTÉ Raidió na Gaeltachta Tristan Rosenstock, a sheineann an bodhrán le Téada ar stáitse leo. Tá Téada ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód i 2026, agus beidh leaganacha bríomhara de chuid de na poirt, polcaí agus ríleanna is ansa leis an ngrúpa á seinm acu leis an gceolfhoireann. Tá ticéid ar fáil ar shuíomh nch.ie.

Ó thuaidh, beidh Barrscéalta beo ó fhéile Sean Nós na Fearsaide in Áras Mhic Reachtain ar an 27 Feabhra. Déantar traidisiún amhránaíochta an tsean-nóis a cheiliúradh ag an bhféile, agus beidh scoth na n-amhránaithe i mbun cainte agus ceoil le Michelle Nic Grianna.

Beidh meitheal spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta ar ais ar an mbóthar le tráchtaireacht, anailís agus tuairisceoireacht ar chúrsaí spóirt i ngach cearn den tír gach deireadh seachtaine, agus tús a chur le sraitheanna peile agus iomána na hÉireann 2026.

Tá an sceideal iomlán agus breis eolais le fáil ag rte.ie/rnag.