Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly ar cuairt go RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, Conamara agus crann nua curtha aici

Thug Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly cuairt ar cheanncheathrú RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, Conamara ar an Déardaoin 11 Nollaig le linn turais oifigiúil ar Chonamara.

Chuir an tUachtarán crann nua taobh amuigh den stáisiún, nós ar chuir an tIarUachtarán Máire Mhic Róibín tús leis agus ar lean Micheál D Ó hUigínn chomh maith.

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta: "Tá ríméad orainn in RTÉ Raidió na Gaeltachta fáilte a chur roimh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, ar a cuairt speisialta chuig an gCeannáras i gCasla. Is ócáid stairiúil í seo a léiríonn an tábhacht agus an ról lárnach atá ag RnaG i gcroílár an phobail, pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Ó bunaíodh an stáisiún breis agus 50 bliain ó shin, tá misean na seirbhíse soiléir: seirbhís chuimsitheach nuachta agus siamsaíochta a chur ar fáil don phobal. Níl aon amhras faoi ach go dtuigeann an tUachtarán Connolly an misean sin agus tá muid an-bhuíoch as an tacaíocht leanúnach a thugann sí don tseirbhís. Is lá speisialta é seo dúinn agus tá súil againn go mbainfidh sí taitneamh as an gcuairt. Guíonn muid gach rath uirthi agus í ag tabhairt faoina tréimhse mar Uachtarán na hÉireann agus beidh míle fáilte roimpi i gcónaí in RTE Raidió na Gaeltachta."

Rinne an tUachtarán Catherine Connolly agallamh le Gormfhlaith Ní Thuairisg ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le linn a cuairt. Is féidir éisteacht siar leis anseo .

president
president
president
president
president