Beidh sceideal lán le ceol, siamsaíocht, drámaíocht, craoltaí beo agus a lán eile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le linn shéasúr na Nollag.
Craolfar Bóthar na Smaointe, mórshaothar nua ceoil a thugann léargas ar an tionchar a bhí ag an gceol clasaiceach agus ag an gceol traidisiúnta ar Aoife Ní Bhriain agus í ag forbairt mar dhuine de na ceoltóirí is cumasaí ar domhan ar Lá Nollag ag 6.00i.n. Bhronn Stiúideo Cuan an coimisiún seo ar Aoife i mbliana, coimisiún a bhronntar go bliantúil anois in ómós don laoch ceoil Charlie Lennon, nach maireann.
Tá scoth na gceoltóirí páirteach sa togra ealaíne seo, ina measc: Aoife Ní Bhriain (Fidil), Cormac McCarthy (Pianó), Mick O'Brien (Píb Uileann), Dan Bodwell (Olldord) agus Stephanie Keane (Damhsóir). Bhí tionchar mór ag bunaitheoir Stiúideo Cuan, Charlie Lennon, ar Aoife le linn a hóige agus í in éineacht lena hathair Mick O'Brien, ar chleachtaithe do mhórshaothair Charlie, Bainis Oileáin agus The Famine Suite, i measc go leor eile. Tá an scil agus cumas cruthaitheachta atá bainte amach ag Aoife le brath go láidir sa saothar nua seo.
Cuirfear gearrscéal ficseanúil Shéamuis Uí Ghrianna Faoi na Fóide is Mé Sínte, a foilsíodh i 1926, in oiriúint don raidió don chéad uair riamh sa dráma nua Faoi na Fóide, a chraolfar ar Lá Nollag ag 5.i.n. Beidh baill d'Aisteoirí Ghaoth Dobhair, chomh maith le haisteoirí eile sa dráma. Roimhe sin, beidh Siosmaid na Nollag, clár speisialta ón Nollaig 1986, le cloisteáil ag 3i.n. in ómós don chraoltóir Aogán Ó Muircheartaigh, a cailleadh níos luaithe i mbliana.
Beidh scoth an cheoil le cloisteáil ar na haerthonnta le linn tréimhse na Nollag. Ar Lá Nollag, craolfar Thar Táirseach an Stábla, seirbhís chearúil pharóiste an Spidéil ag 4i.n. Beidh plúr na gceoltóirí le cloisteáil ar RnaG50 - Óstán Chois Fharraige ag 8i.n., ón oíche mhór cheiliúrtha a bhí mar chuid de chomóradh leathchéad bliain RTÉ RnaG in 2022.
Ar Oíche Nollag, 24ú Nollag, beidh féasta ceoil álainn de sheanchearúil agus amhráin Nollag nua ag Tristan Rosenstock dúinn ar Ceol na Nollag ag 5.05i.n. Casfaidh Cian Ó Ciobháin rogha éagsúil d'amhráin na Nollag ar An Taobh Tuathail ag 10i.n., chomh maith le hamhráin a chuireann an tráth seo den bhliain i gcuimhne dó.
Ar Lá Fhéile Stiofáin, beidh meascán deas ceoil le clos ar Poirtíní Ceoil le Caoimhín Ó Sé ag 8r.n., agus ar Beo idir dhá Nollaig le Pádraig Ó Braonáin ag 9r.n. Tabharfaidh Áine Ní Bhreisleáin léargas ar stair cheann de thithe móra Dhún na nGall atá beagnach 200 bliain d'aois sa chlár Teach Dhún Lúiche ag 11r.n.
Craolfar An Nollaig i Ráth Chairn ag 5.05i.n. Is clár cartlainne é seo ón bhliain 2004, curtha i láthair ag Máirtín Davy ina ndéanann ceoltóirí agus muintir na háite i Ráth Chairn cuir síos ar conas mar a chaití an Nollaig sa Ghaeltacht seo. Tá sé tráthúil go bhfuil pobal Ráth Chairn ag ceiliúradh 90 bliain ar an bhfód i mbliana. Beidh clúdach ar imeachtaí spóirt an lae againn ar Spórt Lá 'le Stiofáin ag 2.30pm.
Beidh an clár Ómós do Johnny Connolly, ceolchoirm speisialta i gcuimhne ar an sárbhoscadóir Johnny Phadraic Phíotair, a bhásaigh cothrom an lae inniu in 2019 le cloisteáil ag 7i.n.
Ar an 27ú Nollaig, déanfar plé ar na cáipéisí Stáit ón bhliain 1995 agus 2005 i dTuaisceart Éireann ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra. Tabharfaidh Treasa Bhreathnach léargas ar Oileán Fhínse amach ó Charna i gConamara, oileán ar fhág an duine deiridh é i dtús na na n-ochtóidí sa chlár Oileánach ag 5.05i.n. Cloisfimid ó na húdair a thug leo na duaiseanna móra ag Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais i mbliana ar An Tolg Liteartha le Tristan Rosenstock ar an 28ú Nollaig ag 10r.n.
Beidh blaiseadh beag den fhéile Dorn San Aer 2025 le cloisteáil ar an 29ú Nollaig ag 11r.n. in ómós don laoch craoltóireachta Rónán Mac Aodha Bhuí atá ar shlí na fírinne, agus cloisfear píosaí ceoil ó chomórtas Cath na mBannaí na bliana seo. Tabharfaidh muid súil siar ar an bhliain 1973 leis na cláracha cartlainne Nollaig Ceol agus Amhráin le Séamus Ennis ag 2.00i.n. agus An Nollaig Inis Meáin, ina ndéanann an t-aisteoir clúiteach Macdara Ó Fátharta cur síos ar an Nollaig in Inis Meáin mar a bhí sna blianta atá caite ag 2.30i.n.
Ar an 30ú Nollaig, déanfaidh Joe Ó Muircheartaigh cur síos ar conas a cuireadh an síol don spéis ollmhór atá sa chluiche caide i gcontae Chiarraí ar An Síol a Cuireadh Tar Éis Cogaidh ag 12i.n. Ina dhiaidh sin, beidh féasta ceoil ó Shráid na Cathrach le Siobhán Peoples, John Kelly, Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill, Dáithí Sproule, Johnny Óg Connolly agus John Blake agus a lán eile ar Ceiliúradh Scoil Cheoil Willie Clancy 2025 ag 3i.n.
Ar Oíche na Seanbhliana, is iad Jo Ní Chéide agus Bairbre Uí Choisdealbha a thabharfaidh ceiliúradh ceoil dhúinn agus iad ag fágáil slán leis an tsean bhliain agus ag cur fáilte roimh 2026. Beidh Slán le 2025 le cloisteáil ó 10i.n. ar an 31ú Nollaig.
I measc na gcláracha speisialta eile a chraolfar beidh: Snáithíní Solais, gearrscéal a scríobh Eoghan Mac Giolla Bhríde don tsraith Spoken Stories a craoladh ar RTÉ Radio 1 faoi théama an neamhspleáchais, céad bliain tar éis Chogadh na Saoirse in Éirinn. Craolfar é seo ar an 22ú Nollaig.
Craolfar Cré le Colm Ó Ceallacháin ón tsraith céanna ar an 5ú Eanáir, agus Scoilteanna le Colm Ó Snodaigh ar an 12ú Eanáir. Beidh dhá eagrán eile de Beo Idir Dhá Nollaig, le ceol agus craic le Damien Ó Dónaill ó stiúideo na Doirí Beaga ar an 29ú Nollaig, agus as Casla ar an 30ú Nollaig le Treasa Bhreathnach.
Ar an 30ú Nollaig, sa chlár An Asgard agus Éigse Uladh 2025, déanann Uinseann Ó Breisleáin cur síos ar stair An Asgard agus an ceangal a bhí aici le hoileán Ghabhla ar an 30ú Nollaig. Ar an 31ú Nollaig, tabharfaidh an clár Bríd Rogers léargas ar iar leas-cheannaire an SDLP, agus an méid a rinne sí ar son na síochána. Beidh 40 Bliain de Raidió Fáilte, ceiliúradh ar dhá scór bliain de raidió pobal Gaeilge i mBéal Feirste, le cloisteáil ar an 1ú Eanáir ag 11r.n. Caithfidh Pé Scéal É súil siar ar na hagallaimh agus na seisiúin ceoil is fearr a bhí acu le linn na bliana ar an 31ú Nollaig agus ar an 2ú Eanáir ag 3i.n.
Sceideal na Nollag
Oíche Nollag - 24ú Nollaig
Ceol na Nollag
Tabhair cluas do chuid de mhór amhráin na Nollag i gcuideachta Tristan Rosenstock. Beidh meascán álainn againn de sheanchearúil agus amhráin Nollag nua, rogha ceoil a thaitneoidh leis an teaghlach ar fad.
Dé Céadaoin 24ú Nollaig 5.05i.n.
An Taobh Tuathail
Bí le Cian Ó Cíobháin anocht d'eagrán speisialta na Nollag. Beidh sé ag casadh rogha éagsúil d'amhráin na Nollag, chomh maith le amhráin a chuireann an tráth seo don bhliain i gcuimhne dó. Beidh na clóigíní á mbualadh aige óna deich a chlog ar aghaidh.
Dé Céadaoin 24 Nollaig 10.00i.n.
Lá Nollag - 25ú Nollaig
Faoi na Fóide
Bhí áit faoi leith ariamh ag Cogadh na Talún i stair agus i mbéaloideas Dhún na nGall. I measc na n-eachtraí móra a tharla lena linn bhí marú an Chigire Martin os comhair theach an phobail sna Doirí Beaga agus é ag iarraidh an sagart áitiúil, an Canónach Séamus Mac Pháidín, a ghabháil. Scéal é a raibh tionchar mór aige go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Spreag an eachtra scríbhneoirí agus ealaíontóirí áitiúla freisin.
Sa saothar nua drámaíochta seo, cuirfear gearrscéal ficseanúil Shéamuis Uí Ghrianna Faoi na Fóide is Mé Sínte, a foilsíodh i 1926, in oiriúint don raidió don chéad uair riamh. Beidh baill d'Aisteoirí Ghaoth Dobhair, chomh maith le haisteoirí eile as Gaoth Dobhair agus na Rosa ag aisteoireacht sa dráma. Léiriú de chuid Macha Media le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.
Déardaoin 25 Nollaig 5.00i.n.
Bóthar na Smaointe
Is saothar nua ceoil é Bóthar na Smaointe a thugann léargas uathúil ar an tionchar a bhí ag an gceol clasaiceach agus ag an gceol traidisiúnta ar Aoife Ní Bhriain agus í ag forbairt mar dhuine de na ceoltóirí is cumasaí ar domhan, sna seánraí ceoil seo. Bhí tionchar mór ag bunaitheoir Stiúideo Cuan, Charlie Lennon ar Aoife le linn a hóige agus í in éineacht lena hathair Mick O'Brien, ar chleachtaithe do mhórshaothair Charlie, Bainis Oileáin agus The Famine Suite, i measc go leor eile. Tá sé tráthúil gur ar Aoife a bhronn Stiúideo Cuan an coimisiún seo i mbliana - coimisiún a bhronntar go bliantúil anois in ómós don laoch ceoil Charlie Lennon, nach maireann. Tá scoth na gceoltóirí idirnáisiúnta páirteach sa togra ealaíne seo, ina measc: Aoife Ní Bhriain (Fidil), Cormac McCarthy (Pianó), Mick O'Brien (Píb Uileann), Dan Bodwell (Olldord) agus Stephanie Keane (Damhsóir). Is coimisiún nua de chuid Stiúideo Cuan é Bóthar na Smaointe do RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Déardaoin 25 Nollaig 6.00i.n.
Alan Titley - Scéalta na Nollag agus Ceol
Léann an scríbhneoir iomráiteach Alan Titley óna shaothar Scéalta Nollag, leabhar a ainmníodh le haghaidh Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin na Bliana.
Is geall le fabhalscéalta nó athinsintí samhlaíocha iad ar a bhfuil sa Bhíobla na scéalta sin, agus pléifidh Titley le Tristan Rosenstock iad sa chlár seo.
Déardaoin 25 Nollaig7.30i.n.Dé hAoine 26ú Nollaig
Teach Dhún Lúiche
Sa chlár seo, díríonn Áine Ní Bhreisleáin ar stair cheann de 'thithe móra’ Dhún na nGall - Teach Dhún Lúiche in iarthar Dhún na nGall - eastát a bunaíodh chóir a bheith 200 bliain ó shin. Bhí an teach i seilbh úinéirí éagsúla, ina measc uasaicme Shasana agus milliúnaí as Meiriceá, agus inniu is le muintir Guinness an eastáit. Labhair feighlí an tí, Pat Ó Dónaill, an tríú glúin dá theaghlach le post a bheith aige ann, agus iar-oibrí eile, Josephine Uí Cheallaigh, le hÁine faoina gcuimhní féin ar Theach an Dúin agus stair an eastáit.
Beidh míreanna cartlainne le cluinstin fosta ó chuid de bhunadh Dhún Lúiche a bhí ag obair sa teach san am a chuaigh thart. Bhéarfaidh an clár seo ar thuras muid ó 1829 go dtí an lá atá inniu ann le stair Theach Dhún Lúiche agus pobal an cheantair a inse.
Dé hAoine 26 Nollaig 11.00r.n.Poirtíní Ceoil
Clár ceoil le Caoimhín Ó Sé. Beidh meascán deas ceoil le clos agus ómós don Dreoilín ar Lá' le Stiofáin, á thaispeáint. Cloisfear píosa ceoil ó Dhreoilín Shráid Eoin as Daingean Uí Chúis.
Dé hAoine 26 Nollaig 8.00r.n.
Beo idir Dhá Nollaig
Clár ceoil á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Pádraig Ó Braonáin.
Dé hAoine 26 Nollaig 9.00r.n.
An Nollaig i Ráth Chairn
I nGleann na Bóinne, idir Baile Átha Troim agus Baile Átha Buí i gContae na Mí, a mhaireann Pobal Ráth Chairn. Bunaíodh an Ghaeltacht seo 90 bliain ó shin i 1935 nuair a d'aistrigh daoine as Conamara soir ann agus iad ag cuardach saol níos fearr dóibh féin. Clár speisialta le ceoltóirí agus fonnadóirí ina dhéanann muintir Ráth Chairn cuir síos do Mháirtin ar conas mar a chaitear agus a chaití an Nollaig i Ráth Chairn. Craoladh an clár seo cheana i 2004.
Dé hAoine 26 Nollaig 5.05i.n.
Dé Sathairn 27ú Nollaig
An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra
Clár seachtainiúil, a ríomhfaidh scéalta na seachtaine: nuacht, polaitíocht, cúrsaí reatha go háitiúil, go náisiúnta agus ar fud na cruinne, le Máirín Ní Ghadhra. Ar chlár an lae inniu beidh Máirín ag plé na cáipéisí Stáit a bhain le tríocha bliain ó shin agus 20 bliain ó shin i gcás Thuaiscirt na hÉireann (mar go n-eisíonn rialtas na Breataine cáipéisí uaidh fiche bliain ó shin). Siad na blianta 1995 agus 2005 a bheidh i gceist i mbliana.
Dé Sathairn 27 Nollaig 11r.n.
Oileánach
Tá oileáin scaipthe ar fud chósta Chonamara, oileáin a mbíodh cónaí orthu uair amháin ach atá anois tréigthe ar chúis amháin nó ar chúis eile. Sa tsraith seo, tabharfaidh Treasa Bhreathnach sciurd ar na hoileáin seo agus tabharfar roinnt de scéalta na n-oileánach chun cuimhne chomh maith le scéal reatha na n-oileán. Faigheann muid léargas sa chlár seo ar an Oileán Fhínse amach ó Charna i gConamara, oileán a d'fhág an duine deiridh é i dtús na hochtóidí. Is iad Marcus Ó hIarnáin agus Mary Simon Uí Iarnáin atá mar threoraithe aici ar an oileán agus cuireann siad síos di faoin togra atá ar bun acu agus iad ag iarraidh seanteach a muintire a athchóiriú.
Dé Sathairn 27 Nollaig 5.05i.n.
Clár Omós do Johnny Connolly
Clár omóis ceoil é seo do Johnny Phadraic Phíotair (Johnny Connolly) a bhásaigh cothrom an lae inniu i 2019.
A special music programme being broadcast as a tribute to Johnny Phádraic Phíotair (Johnny Connolly), who passed away on this day in 2019.
Dé Sathairn 27 Nollaig 7i.n.
An Tolg Liteartha
Cloisimid ó na húdair a thug leo na duaiseanna móra ag Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais i mbliana. I dteannta Tristan ar an Tolg i mbliana beidh na scríbhneoirí Darach Ó Scolaí agus Antain Mac Lochlainn, agus na scoláirí Liam Mac Amhlaigh agus Éilis Everard.
Dé Domhnaigh 28 Nollaig 10r.n.
Aifreann an Domhnaigh
Aifreann an Domhnaigh ó Shéipéal Naomh Eoin, i dTrá Lí, Co. Chiarraí.
Dé Domhnaigh 28 Nollaig 11r.n.
Oileánach
Tá oileáin scaipthe ar fud chósta Chonamara, oileáin a mbíodh cónaí orthu uair amháin ach atá anois tréigthe ar chúis amháin nó ar chúis eile. Sa tsraith seo, tabharfaidh Treasa Bhreathnach sciurd ar na hoileáin seo agus tabharfar roinnt de scéalta na n-oileánach chun cuimhne chomh maith le scéal reatha na n-oileán. Bhíodh cónaí i gceithre theach ar an Oileán Iarthach i gCeantar na n-Oileáin uair amháin. Faigheann Treasa Bhreathnach an deis an t-oileán a shiúil in éindí leis na colceathracha Micheál Ó Cadhain agus Joe Curran as Cill Chiaráin, ar as an oileán a seanathair.
Dé Domhnaigh 28 Nollaig 5.05i.n.
Beo idir Dhá Nollaig
Clár ceoil á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Damien Ó Dónaill.
Dé Luain 29 Nollaig 9.00r.n.
Dorn San Aer 2025
Bhí sluaite as gach cearn i nGaoth Dobhair do fhéile Dorn San Aer 2025 i gcuimhne ar an iar laoch craoltóireachta de chuid RTE RnaG Rónán Mac Aodha Bhuí. Beidh blaiseadh sa chlár seo ó oscailt oifigiúil na féile agus go leor píosaí ceoil ó chomórtas Cath na mBannaí a bhí mar pháirt den fhéile.
Dé Luain 29 Nollaig 11.00r.n.
Nollaig Ceol agus Amhráin le Séamus Ennis
Clár ceol agus amhráin Nollag le Séamus Ennis. Craoladh an clár seo don chéad uair ar Lá Nollaig 1973.
Dé Luain 29 Nollaig 2.00i.n.
An Nollaig Inis Meáin
Sa chlár seo déanann an t-aisteoir clúiteach Macdara Ó Fátharta cur síos ar an Nollaig in Inis Meáin mar a bhí sna blianta atá caite .Craoladh an clár seo don chéad uair Lá Le Stiofáin 1973.
Dé Luain 29 Nollaig 2.30i.n.
Oileánach
Tá Daighinis lonnaithe amach ó chósta Fhoirnise i gceantar na nOileán. Sa chlár seo, tugann Michael Phat Phadda, fear a rugadh ar an oileán, turas do Threasa Bhreathnach den oileán agus insíonn sé di faoin gcaoi a raibh siad ar an gcéad oileán i gConamara le leictreachas a fháil. Cloiseann muid na scéalta faoi shaol an oileán ó Tomás Ó Lochnáin, fear a fuair mianach ar an oileán agus é óg agus ó Thomás Mac Donnacha, beirt a tógadh ar an oileán go dtí go raibh siad sna déaga de bhlianta.
Dé Luain 29 Nollaig 5.05i.n.
An Asgard agus Éigse Uladh 2025
Rinneadh plé ar stair Ghabhla ag Éigse Uladh i nGaoth Dobhair i Márta 2025. Le linn na hÉigse, rinne an staraí Uinseann Ó Breisleáin cur síos ar stair An Asgard agus an ceangal le hoileán Ghabhla. Cloisfear píosaí ó chartlann chomh maith agus Asgard ar cuairt ar Ghabhla agus leac cuimhneacháin a nochtú ar an oileán i gcuimhne ar bheirt ón oileán a bhí ar an Asgard nuair a tugadh gunnaí i dtír i mBinn Éadair sa bhliain 1914.
Dé Máirt 30 Nollaig 11.00r.n.
An Síol a Cuireadh Tar Éis Cogaidh
Ós cionn céad bliain ó shin, bhuaigh Ciarraí an chéad cheann de thrí cinn de chraobhacha uile Éireann a bhuadar ins na 1920-aí. Meastar gurb í craobh na bliana 1924, a himríodh in Aibreán na bliana 1925 an chraobh ba thábhachtaí i stair na caide sa Ríocht toisc gur chur sé tús leis an gcneasú a bhí riachtanach tar éis Cogadh na gCarad sa chontae. Faightear éachtaint sa chlár seo le Joe Ó Muircheartaigh ar mar a gcuireadh an síol don spéis dhiamhair atá sa chluiche i gcontae Chiarraí.
Dé Máirt 30 Nollaig 12.00i.n.
Ceiliúradh Scoil Cheoil Willie Clancy 2025
Craoladh an clár seo beo ó Shráid na Cathrach i mí Iúil, áit a raibh Scoil Samhraidh Willie Clancy ar siúl. Páirteach sa chlár: Siobhán Peoples & John Kelly, Lilly & Eve O'Connor, Maighréad & Tríona Ní Dhomhnaill & Dáithí Sproule, Kieran, Bríd & Caitríona Killeen, Colm Broderick & Niamh Dalton, Matt Cranitch & Jackie Daly, Domhnall Ó Braonáin, Johnny Óg Connolly & John Blake, Conor McDonagh, Andrew Caden & Ryan Sheridan, Sorcha Ní Scolaí, Méabh Ní Chonaill & Ronan Hussey, Charlie Harris, Eamon & Geraldine Cotter.
Dé Máirt 30 Nollaig 3.00i.n.
Bríd Rogers
Bhí ócaid mhór i halla an Guildhall i nDoire níos luaithe i mbliana, nuair a thug Fondúireacht John agus Pat Hume aitheantas do Bhríd Rodgers, iar Leas Cheannaire an SDLP agus iar Aire Talmhaíochta sna Sé Contae, as a ndearna sí ar son na síochána sna Sé Contae ar an lá a raibh sí ag ceiliúradh ceithre scór go leith bliain d'aois. Sa chlár seo, atá curtha le chéile ag Aodh Máirtín Ó Fearraigh, éisteoidh muid le go leor píosaí ó Chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta, faoin ról a bhí ag Bríd Rodgers i gcúrsaí polaitíochta na Sé Contae agus beidh agallamh léi ag an ócáid san Guildhall i nDoire le gairid.
Dé Céadaoin 31 Nollaig 11.00r.n.
Pé Scéal É
Bíonn Pé Scéal É ar an aer gach Aoine óna 3-5 i gcaitheamh na bliana agus bíonn meascán iontach de cheol beo agus d'aíonna spleodracha ar an gclár agus bíonn craic den scoth ann 'chuile sheachtain. Sa gclár seo tabharfar deis in athuair éisteacht le roinnt de na hagallaimh agus seisiúin ceoil a bhí againn le linn na bliana. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus á léiriú ag Treasa Bhreathnach.
Dé Céadaoin 31 Nollaig 3.00i.n.
Aistí ón Aer
Sraith ina gcloisfear aistí nua-scríofa ag réimse leathan scríbhneoirí ar iliomad ábhar. Le clos i gclár na seachtaine seo beidh píosaí le Billy Lynch, Ailbhe Nic Giolla Chomhaill, Úna Nic Cárthaigh, agus Aindriú de Paor.
Dé Céadaoin 31 Nollaig 5.00i.n.
Slán le 2025
Rogha breá ceoil agus muid ag fágáil slán le 2025 le fáilte a chur roimh an mbliain nua á chur i láthair beo ag Jo Ní Chéide & Bairbre Uí Choisdealbha.
Dé Céadaoin 31 Nollaig 10.00i.n.
40 Bliain de Raidió Fáilte
Raidió Fáilte agus 40 bliain de Stair Raidió Pobal Gaeilge i mBéal Feirste.
Déardaoin 01 Eanáir 11.00i.n.
Beo ón gCuan
Sraith ceolchoirmeacha taifeadta beo i Stiúideo Cuan le plúr na ngrúpaí traidisiúnta. Inniu, cloisfimid ceolchoirm le IMLÉ. Léiriú de chuid Stiúideo Cuan i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Coimisiún na Meán.
Déardaoin 01 Eanáir 7.00i.n.