Cuirfear tús le Fonn, sraith nua ceoil a nascann ceol na hÉireann agus na hAlban Dé hAoine beag seo, 21ú Samhain Raidió na Gaeltachta ag 14.05.

Beidh Dónall Mac Ruairí, a bhíonn ar an aer le Cóisir Cheoil gach seachtain, sa chathaoir in éineacht leis an amhránaí Gàidhlig, damhsóir agus craoltóir le BBC Radio nan Gàidheal, Joy Dunlop.

Thar thrí sheachtain déag, beidh féasta ceoil ag Dónall agus Joy dúinn, le rogha fhairsing de cheirníní agus píosaí nuachumtha i nGaelige agus i nGàidhlig le cloisteáil i ngach clár.

Is comhléiriú é seo idir RTÉ Raidió na Gaeltachta agus BBC Radio nan Gàidheal.