Tá foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta croíbhriste go bhfuil ár gcara agus ár gcomhghleacaí dílis, Patricia Mhic Dhonnacha imithe uainn ar shlí na fírinne.

Thosaigh Patricia ag obair sa raidió sa bhliain 2009, agus bhí sí mar Reachtaire Rúnaíochta ar na cláracha Spórt an tSatharn, Togha agus Rogha, Iris Aniar, Pé Scéal É, craoltaí seachtracha agus a lán eile. Bhí croí mór millteach ag Patricia, agus bhí sí gealgháireach, lách, proifisiúnta agus tuisceanach i gcónaí.

Chuir na héisteoirí agus an pobal aithne mhaith uirthi i gcaitheamh na mblianta, agus d'éirigh sí an-mhór leo agus í ag glacadh le hiarratais, glaochanna uathu agus araile. Bhí an meas mór a bhí ag an bpobal uirthi soiléir do chách.

Ba mhinic í ag obair go minic ar an deasc fáilte i gceannáras an raidió i gCasla, chomh maith, áit a gcuireadh a miongháire croíúil fearadh na fáilte roimh gach duine a tháinig tríd na doirse.

Thosódh seachtain Phatricia ar an gCéadaoin, agus chríochnódh sí tráthnóna Dé Domhnaigh, pé am go raibh gach litir, duais agus ríomhphost curtha chun bealaigh aici.

Aireoidh foireann Raidió na Gaeltachta agus an pobal éisteachta a bhíodh ag glaoch ar an stáisiún uathu go mór í agus tá an domhain níos boichte ina héagmais.

Croíbhriste ina diaidh tá a fear céile Pádraic, a hiníon Christina, a mac Myles, a bpáirtithe Declan agus Sinéad, a garchlann Athena agus Cuán, a tuismitheoirí Pádraig agus Máirín, a deirfiúracha Mary, Bernie, Bridie, Fionnuala, Caroline, a deartháir Patrick, gaolta eile agus cairde.

Ba dhuine de thrírín í Patricia. Déanann muid comhbhrón ó chroí lena deirfiúracha Bernie, duine eile den trúir, atá ag obair sa seomra nuachta, agus Fionnuala, a chuireann Nuacht a hAon i láthair.

Dúirt Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha: "Nuair a chuimhním ar Phatricia, cuimhním ar an mbean gealgháireach, galánta, a raibh uaisleacht ag baint léi, a bhí cabhrach i gcónaí agus a chuaigh i bhfeidhm go mór ar a cuid comhleacaithe ó thosaigh sí ag obair linn beagnach scór bliain ó shin. Léiríodh an t-ómós agus an méid measa atá ar Phatricia leis an ngarda onórach álainn a bhí againn ag geata an Raidió i gCasla ar an Satharn agus í ar a bealach abhaile. Bhí slua an raidió ann, mar a bhí arís ar an Domhnach agus ar an Luan nuair a cuireadh i gcré na cille í. Ba mhaith linn ar fad sa Raidió comhbhrón a dhéanamh lena fear Pádraic, lena cuid gasúir, Christina agus Myles, a tuismitheoirí, deirfiúracha agus dearthair, gaolta agus cairde ar fad. Tá muid ag cuimhniú go mór-mhór ar a cuid deifiúracha atá ag obair linn sa raidió i gCasla, Berni agus Fionnuala. Aireoidh muid uainn go mór ár gcara Patricia."

Solas na bhflaitheas agus leaba i measc na naomh duit, a Phatricia.

radio staff member