Bronnfar Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta 2025 ar an iriseoir Póilín Ní Chiaráin ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste, amárach, Dé Sathairn 1 Samhain, le linn Chomórtas Chorn Uí Riada.

Bronntar an gradam seo mar chomhartha ómóis agus aitheantais do dhaoine nó do ghrúpaí as a saothar ar son na teanga agus ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá Póilín Ní Chiaráin ar dhuine de scothiriseoirí ár linne, agus tá ardmheas agus iomrá uirthi mar thuairisceoir, mar iriseoir, mar cholúnaí, mar shaineolaí ar chúrsaí polaitiúila agus ar an iliomad ábhar eile.

Rugadh Póilín i nDumha Locha in Iorras i gContae Mhaigh Eo. Fuair sí a meánscolaíocht i gColáiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh agus ghnóthaigh sí céim ó Ollscoil na Gaillimhe ina dhiaidh sin. Chuaigh sí i mbun a gairm sna meáin chumarsáide mar thaighdeoir agus láithreoir le RTÉ, leis an gclár cúrsaí reatha Féach, agus ina dhiaidh sin Nuacht RTÉ. Sa bhliain 1981, thug sí a haghaidh ar Bhéal Feirste le RTÉ News, agus tá sí gafa le tuairisceoireacht agus anailís ar chúrsaí reatha i dTuaisceart Éireann ó shin i leith.

Chaith sí tréimhse mar Cheannasaí Nuachta leis an BBC i nDoire, agus bhí sí mar cholúnaí don nuachtán Foinse ó bunaíodh é i 1996 go dtí gur cuireadh deireadh leis i 2009. Tá colúin scríofa aici go don nuachtán The Irish Times, an iris Comhar agus go leor eile thar na blianta, agus is colúnaí rialta í ar tuairisc.ie.

Mar chomhfhreagraí RTÉ Raidió na Gaeltachta i dTuaisceart Éireann, cloistear go minic í ag tuairisciú don Nuacht agus do chláir eile. Chomh maith le sin, bíonn sí le cloisteáil ar Blas agus An Focal Scoir ar BBC Thuaisceart Éireann. Bhí sí mar rannpháirtí ar chláracha teilifíse ar RTÉ, TG4 agus BBC i gcaitheamh na mblianta freisin. Rinne sí tráchtaireacht ar chláracha faisnéise TG4 faoi bhusanna agus faoi thraenacha agus d'aistrigh sí scripteanna do na scannáin Ar Intinn Eile agus Congo 1961 go Gaeilge.

Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2021 ar Phóilín, ar son a saothar fíorchumasach, láneolasach, ildánach sna meáin chumarsáide thar na blianta. I measc gradaim eile a bronnadh ar Phóilín bhí an 'An Peann faoi Bhláth’, a bhronn an t-iar-uachtarán Máire Mhic Giolla Íosa uirthi i 1998.

Dúirt Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha: "Nuair a chuimním ar Phóilín Ní Chiaráin cuimhním ar iriseoir don scóth, scéalaí a bhfuil domhain anailís agus macnamh déanta aici, craoltóir agus scríbhneoir atá deisbhéalach, cruinn agus údárasach, agus níl ansin ach cuid bheag de. Tá sí ar dhuine de na h-iriseoirí is mó taithí agus is mó a bhfuil meas uirthi atá ag saothrú sa Tuaisceart. Choinnigh sí an pobal, pobal na Gaeilge go mór mhór, ar an eolas faoin méid a bhí ag titim amach ó thuaidh le linn na dTrioblóidí agus ó shin. Tá an gradam seo á bhronnadh ar Phoilín mar gheall ar an tseirbhís mhór mhillteach mar iriseoir atá tugtha aici agus atá fós á tabhairt aici don phobal sin ar an raidió, ar an teilifís agus leis an bhfocal scríofa. Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leat a Phóilín. B’iontach an pléisiúr é i gcónaí a bheith ag obair leat agus a bheith i do chomhluadar."

Dúirt Póilín: "Is mór an onóir dom an Gradam seo a fháil ó Raidió na Gaeltachta. Tá ardmheas agam ar an raidió agus tá mé bródúil as an gcúram a rinne RnaG ariamh anall de chúrsaí an Tuaiscirt . Ní domsa amháin an t-aitheantas seo ach don bpobal as ar fáisceadh mé in Iorras i gContae Mhaigh Eo agus na daoine go léir abhus a mbíonn a scéalta agam le hinseacht."

Bronnfar Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta, deartha ag an dealbhóir Jarlath Daly, ar Phóilín Ní Chiaráin le linn Chomórtas Chorn Uí Riada ag Oireachtas na Samhna.

Craolfar comórtas Chorn Uí Riada, curtha i láthair ag Neansaí Ní Choisdealbha ar an Satharn 1 Samhain,19.00 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, beo ón Halla Mór an ICC Béal Feirste.