D'fhógair RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go bhfuil Gradam Shéamuis Mhic Géidigh d'imreoir na craoibhe 2025 i nDún na nGall le bronnadh ar Finnbarr Roarty ó fhochumann Naomh Conaill.

Fuair Naomh Conaill an bua ar Ghaoth Dobhair i mbliana i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall agus bhí taispeántais Finnbarr sa chraobh speisialta ar fad.

Dúirt Damien Ó Dónaill ó RTÉ Raidió na Gaeltachta: "Bhí taispeántas Roarty i gcluiche ceannais na bliana seo ar fheabhas, agus tharraing sé a fhoireann leis ar an lá leis an bhua a fháil. Níl Finnbarr ach naoi mbliana déag d’aois ach ba é a bhí mar cheannaire ag Naomh Conaill i mbliana sa chraobh nuair a bhí an ceannaireacht sin de dhíth ar an fhoireann. Bhí bliain mhór aige lena chontae fosta agus tá mé cinnte go mbeidh tuilleadh gradam le fáil aige. Comhghairdeas le Finnbarr agus mo bhuíochas fosta d’iriseoirí spóirt na contae seo agus le Sineád Breen, Oifigeach Cumarsáide CLG Dhún na nGall a tháinig le chéile le buaiteoir ghradam na bliana seo a roghnú."