Beidh Oireachtas na Samhna 2025 ar siúl i mBéal Feirste ó 29 Deireadh Fómhair – 2 Samhain, agus beidh os cionn 20 uair an chloig de chraoltaí, beo ón bhféile le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i rith na seachtaine.
Dé Céadaoin 29 Deireadh Fómhair
Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí, beo ó stiúideo Raidió Fáilte, Béal Feirste ó 2.30 - 5pm.
Déardaoin 30 Deireadh Fómhair
Beidh Michelle Nic Grianna sa chathaoir le Barrscéalta, beo ó Raidió Fáilte ó 11am - 12pm.
Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí, beo ó Raidió Fáilte ó 2.30 - 5pm.
Mórchomórtas Sean-nóis na bhFear beo ó Oireachtas na Samhna, i Halla Mór an ICC Béal Feirste, curtha i láthair ag Séamus Ó Scanláin ó 7 - 10pm.
Dé hAoine 31 Deireadh Fómhair
Beidh Adhmhaidin, curtha i láthair ag Gormfhlaith Ní Thuairisg beo ó Mol na Meán, Halla 1, Leibhéal 1, ICC Béal Feirste ó 8am – 9am.
Beidh agallaimh agus ceol beo ag Michelle Nic Grianna agus foireann Barrscéalta, beo ó Mol na Meán, ICC Béal Feirste ó 11am – 12pm.
Beidh Máire Treasa Ní Dhubhghaill i mbun cainte leis na Gaeil ó fud fad na tíre atá cruinnithe le chéile i mBéal Feirste ar Pé Scéal É, beo ó Mol na Meán san ICC ó 3-5pm. Beidh scoth an cheoil le cloisteáil, LEI le Sibéal, Niaidh agus Róisín Ní Chasaide, Niamh Ní Dhubhgáin agus a cairde, chomh maith le neart spraoi agus siamsaíocht eile.
Beidh Mórchomórtas Sean-Nóis na mBan á chur i láthair ag Damien Ó Dónaill ó Halla Mór an ICC ó 7.30 - 10pm.
Dé Sathairn 1 Samhain
Beidh Seiminéar an Oireachtais arna chraoladh beo ar eagrán speisialta de An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, ó Halla 2A, Leibhéal 1, ICC ó 11am – 12pm. Is é téama an tseimineáir i mbliana ná 'An ród seo romhainn' áit a ndéanfar plé ar 100 bliain d'fheachtais agus agóidí ach céard atá os ár gcomhair. Beidh an tOllamh Fionntán de Brún, an t-abhcóide Cecilia ní Choileáin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge Ciarán Mac Giolla Bhéin agus an gníomhaí teanga agus taighdeoir PhD Róisín Nic Liam ar an bpainéal cainte, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge.
Ar Seó an Oireachtais, curtha i láthair ag Michelle Nic Grianna ó 12 - 2pm, beidh clár lán le ceol, caint agus craic ó Oireachtas na Samhna 2025, beo ó Mol na Meán san ICC.
Seolfar Fonn, clár nua ceoil le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus BBC Radio nan Gàidheal le linn Seó an Oireachtais. Beidh na láithreoirí Dónall Mac Ruairí agus Joy Dunlop (BBC Radio nan Gàidheal) i láthair, agus beidh scoth na gceoltóirí agus aíonna speisialta eile in éineacht leo. Tá fáilte roimh chách chuig an seoladh speisialta seo.
Beidh Corn Uí Riada, príomhchomórtas sean-nóis an Oireachtais, á chur i láthair beo ag Neansaí Ní Choisdealbha ón Halla Mór, ICC Béal Feirste ó 7pm.
Dé Domnhaigh 2 Samhain
Craolfar Aifreann an Domhnaigh beo ó Shéipéal Pobail Mhuire, Béal Feirste ag 11am.
Cuirfidh Togha agus Rogha clabhsúr leis an gcraoladh beo ó Oireachtas na Samhna 2025, beo ón Óstan Europa ag 11.45am. Beidh Neansaí Ní Choisdealbha i lár an aonaigh sa Europa, agus beidh plúr na gceoltóirí traidisiúnta agus aíonna speisialta le cloisteáil.
Beidh spraoi, ceol, agus féiríní don lucht féachana le fáil le linn na gcláracha beo. Is féidir éisteacht leis na craoltaí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar líne ag rte.ie/rnag agus @rternag a leanúint ar Facebook agus Instagram.