Tá Seosamh Ó Braonáin, iar Eagarthóir Stiúrtha Clár RTÉ Raidió na Gaeltachta ar shlí na fírinne. Fuair sé bás ar an 16ú Deireadh Fómhair 2025.

Rugadh agus tógadh Seosamh i gCor na Rón Láir i Cois Fharraige.

Fuair sé a chuid scolaíocht i Scoil Sailearna, Coláiste Mhuire Gaillimh agus i gColáiste na hOllscoile Gaillimh áit ar bhain sé céim BA amach. Tar éis na céime chaith sé riar blianta ag obair le Cló Chois Fharraige agus i dtús na n-ochtóidí fuair sé post mar Chlár Reachtaire i RTE Raidió na Gaeltachta.

Chaith sé breis agus scór blianta ag obair leis an staisiún, ag craoladh ar dtús, idir an seomra nuachta agus Rannóg na gClár. Ar na cláracha ba aitheanta a léirigh sé agus é sa Rannóg sin, bhí Sruth na Maoile agus Leagan Cainte. Bhí sé ar an bhfoireann bainistíochta i Radio na Gaeltachta sna hocht mbliana dheireanach mar Bhainisteoir Airgeadais agus Eagarthóir Stiúrtha Clár.

Bhí suim mhór aige i gcursaí spóirt go háirithe i gcursaí capall agus bhíodh sé le cloisteáil go minic ar an Radio agus le feiceáil ar an teilifís ag tabhairt a bharúil i leith na gcapall.

Bhí sé an bhainteach le cumann Mhicheál Breathnach i gCois Fharraige agus é mar Rúnaí ar an gcumann ar feadh riar blianta i lár na naochaidí.

Chomh maith le cursaí spóirt, bhí suim mór aige i gcarranna agus é le cloisteáil ar an stáisiúin seo go minic ag cuir síos orthu chomh maith le ailt a chuir i dtoll a chéile d'irisí carranna agus bhí Iris dá chuid fhéin The Irish Car aige tráth.Bhí suim aige i gcursaí ceoil agus bhí sé mar chuid don bhanna Na Cloigne Folamh san 70aidí agsu 80aidí agus é ar an mBanjo. Chuaigh Seosamh ar scor ón Radio in 2002 le dul le gairm an aistriúcháin agus bhunaigh sé an comhlacht - Aistriúcháin Chois Fharraige (ACF).

Sa tréimhse sin freisin chaith sé trí théarma mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún Logainmneacha agus tréimhse eile ar an gCoiste Logainmneacha. Ba fear an eolach ar chúrsaí gramadach agus teanga na Gaeilge a bhí ann, agus ní raibh leithscéal air oiliúint a chuir ar dhaoine agus iad a chuir ar bhealach a leasa.

Bhí sé freisin ar eagarthóir ar feadh roinnt blianta ar an irisleabhar Biseach a fhoilsíonn chuireann Cumann Forbartha Chois Fharraige go bliantúil.

Maireann a bhean Eileen, mac agus iníon, garchlann agus gaolta eile. Go raibh suaimhneas síoraí aige.