Cad é do mheas ar TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Tuairisc, An Páipéar, Seachtain agus na meáin Ghaeilge eile?

Agus tuarascáil faoin athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge le cur faoi bhráid Choimisiún na Meán an mhí seo tá Tús Áite ag tabhairt deis dá n-éisteoirí a dtuairimi fhéin a nochtadh faoi na meáin Ghaeilge.

Tá an clár ag tabhairt cuireadh don phobal suirbhé simplí ar-líne a chomhlíonadh faoi na meáin Ghaeilge. Beidh deis ag rannpháirtithe a rá cén meáin Ghaeilge a mbaineann siad leas astu go rialta agus cad a cheapann siad faoi na meáin sin. Tá na meáin chraolta ar nós TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, na meáin ar line ar nós Tuairisc agus Nós, agus na meáin chlóite ar nós An Páipéar agus Comhar san áireamh sa suirbhé.

Le linn don suirbhé a bheith beo beidh Tús Áite ag déanamh sraith agallaimh le ceannasaithe na meán Gaeilge éagsúla gach Déardaoin.

Bronnadh an conradh chun athbhreithniú a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge ar Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath anuraidh agus is í an tOllamh Regina Uí Chollatáin atá á stiúradh. Leagfar amach moltaí sa tuarascáil faoi conas feabhas a chur ar na meáin Ghaeilge. Táthar ag súil go bhfoilseofar an tuarascáil go luath tar éis dó a bheith curtha faoi bhráid Choimisiún na Meán.

Is féidir páirt a ghlacadh i suirbhé Tús Áite faoi na meáin Ghaeilge anseo.

Craolfar Tús Áite ón Luan - Aoine, 5 i.n. ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.