Cuirfear tús le Jó Johnny Joe, mórshraith nua drámaíochta dúghrinn, faoin gceoltóir Johnny Ó Dúill ar an Domhnach 14ú Meán Fómhair ag 7.30pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Insíonn Jó Johnny Joe, scéal an cheoltóra Johnny Ó Dúill, 45, atá faoi bhrú ag iarraidh caidreamh a chothú lena iníon Jó-B (15). Níl a bhean Maggie (46) sásta beag ná mór leis mar, cé gur duine lách é, níl cuma ná caoi ar Johnny mar chéile, agus é ag caitheamh formhór dá chuid ama lena athair féin, Joe Mór (75), an duine is mó sa saol go dtaitníonn ceol Johnny leis. Seachnaíonn Johnny aighneas seasta, ach cothaíonn a chuid teicnící seachanta aighneas cinniúnach dó féin sa deireadh.
Nascann an mór-shaothar nua drámaíochta seo ceol beo den scoth le greann agus brón i scéal corraitheach, siamsúil, teannasach, a bhfuil scoth na n-aisteoirí gairmiúla páirteach ann, ina measc: Darach Ó Dubháin, Sorcha Ní Chéide, Macdara Ó Fátharta, Ella Nic Dhomhnaill, Máire Eilís Ní Fhlatharta & Bríd Ní Neachtain, i measc go leor eile.
Tá Jó Johnny Joe, scríofa ag an drámadóir aitheanta, Darach Mac Con Iomaire. Léiriú é seo de chuid Stiúideo Cuan, i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Coimisiún na Meán, arna mhaoiniú ag an táille ceadúnais teilifíse.