An réabhlóidí ceoil thú? An bhfuil tú i mbanna ceoil. nó an ceoltóir thú?
Tá Dorn San Aer i gcomhar le Raidió na Gaeltachta sa tóir ar ghrúpaí agus ar cheoltóirí réabhlóideacha nua – an bhfuil ardám á lorg agatsa tusa nó do ghrúpa, agus seans le €2,000 a thabhairt 'na bhaile libh – chomh maith le bhur gcuid ceoil a bheith seinnte ar an raidió?
Beidh Cath na mBannaí ar siúl ag an fhéile Dorn San Aer ar ardán speisialta in Ionad Cois Locha i nDún Lúiche, Gaoth Dobhair, Tír Chonaill ar an Satharn 27 Meán Fómhair, 2025, idir 3-8pm.
Comórtas ceoil ardáin é seo atá oscailte do ghrúpaí agus do cheoltóirí nuálacha a bhfuil rud éigin le rá acu. Agus tá duaiseanna móra le baint:
An chéad áit: €2,000
An dara háit: €500
An tríú háit: €300
An sibh an chéad Kíla, IMLÉ nó Kneecap eile? Nó ar mhian libh rud éigin iomlán nua a dhéanamh? Seo bhur seans – tá an t-ardán réidh agus tá muid ag súil go mór le sibh a chluinstin!
Le cur isteach ar Chath na mBannaí líon isteach an fhoirm seo ar shuíomh Dorn san Aer.
Eolas breise ag dornsanaser.ie/cath-na-mbannai
Treoirlínte chomórtais Chath na mBannaí:
Cuirigí an 3 phíosa ceoil is fearr atá agaibh inár láthair ar an stáitse – scaoiligí amach an Bobailín agus cuirigí an lucht féachana ag luascadh le bhur gceol … tá muid ag cuartú na bannaí ceoil úra Gaeilge is fearr mar sin beidh béim ar an Ghaeilge sa chomórtas seo.
Ar a laghad amhrán amháin le liricí Gaeilge.
D'fhéadfadh dhá phíosa a bheith mar cheol uirlise.
Ní chuntaisfidh amhráin Bhéarla sa chomórtas.
Cuirfear fáilte mhór roimh cheol nuálach nuachumtha ach is féidir libh leaganacha nó aistriúcháin d’amhráin eile a chum daoine eile a cheol agus a sheinm chomh maith.
Fáilteofar roimh gach stíl cheoil, ar a n-áirítear rac, pop, hip hap, miotal an bháis, snagcheol, ceol na ndaoine, reggae, func, ska, traidtreonaice, leictreonaice agus araile.
Beidh teicneoir fuaime i láthair agus córas fuaime ar fáil. Beidh 2 x aimplitheoir giotáir agus 1 x aimplitheoir dordghiotáir ar fáil, chomh maith le méarchlár Roland FA 08, seit drumaí agus 3 mhic. Insígí dúinn san fhoirm iontrála má bíonn riachtanais bhreise agaibh.
Is féidir le gach grúpa a dtrealamh féin a bheith leo agus beidh orthu a dtrealamh a fheistiú agus a thógáil den ardán ag deireadh an tseit. Socróidh gach banna a gcuid cúrsaí fuaime féin i gcomhar leis an teicneoir fuaime.
Is ar bhannaí agus ar cheoltóirí úra atá Cath na mBannaí dírithe agus ní ghlacfar le bannaí a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu, atá faoi chonradh, nó a bhfuil albam eisithe acu cheana féin.
Beidh ar gach grúpa a gcuid socruithe taistil féin (agus lóistín, más gá) a shocrú mar aon lena gcuid costais féin.
Má bhíonn baill den ghrúpa faoi 18 mbliana d’aois beidh orthu a bheith faoi chúram tuismitheora, caomhnóra nó múinteora.
Beidh an focal deireanach ag na moltóirí!
Moltóireacht
Mar threoir ghinearálta do ghrúpaí agus do cheoltóirí:
Beidh moltóireacht á déanamh ar na gnéithe a leanas:
Mar a théann an grúpa nó an ceoltóir i bhfeidhm ar an lucht éisteachta – lasaigí an t-aer mar sin!
Más amhráin nuachumtha nó leaganacha d’amhráin choitianta a chuirtear i láthair
Struchtúr agus leagan amach na n-amhrán – intreoir, lár, curfá agus deireadh an amhráin
Cumas uirlise & amhránaíochta, cóiriú agus cur i láthair na mball go léir
Coinneáil ama
Nuálaíocht
Cumas agus éifeachtacht theicniúil; mar shampla, feistiú trealaimh, cóiriú fuaime, srl.
Éifeacht i gcoitinne, mar shampla, aischothú ón lucht éisteachta, féiniúlacht agus íomhá an ghrúpa, srl.
Duaischiste
An Buaiteoir: €2,000
An Dara hÁit: €500
An Tríú hÁit: €300
Tá na hiarratais le bheith istigh roimh an 20ú Meán Fómhar 2025. Is féidir an fhoirm chlárúcháin atá ar an tsuíomh seo a líonadh isteach nó ríomhphost a chur chuig cath@dornsanaer.ie
Nóta: I gcás go bhfuil líon ard iomaitheoirí ag clárú, d’fhéadfadh lucht eagraithe Dhorn San Aer tuilleadh eolais tacaíochta a lorg – i bhfoirm píosa físe nó taifeadadh fuaime, agus déanfar gearrliostáil bunaithe ar na gnéithe sin.