Déanfar an tarraingt do Chraobhacha Sinsir Idirmheánach agus Sóisir Peile na Gaillimhe 2025 beo ar Raidió na Gaeltachta i gCasla inniu, Dé Luain, 16 Meitheamh, ag 8.30 pm.
Beidh ceithre ghrúpa de cheithre fhoireann sa Chraobh Shinsearach agus ceithre ghrúpa de cheithre fhoireann sa Chraobh Idirmheánach.
Beidh seaimpíní na bliana seo caite, Cora Finne, ar a seacht ndícheall chun an chraobh a bhreith leo arís, agus i measc na bhfoirne a bheidh in iomaíocht leo sa Chraobh Shinsir, beidh tánaistigh na bliana seo caite Maigh Cuilinn, Réalta Thuama, Baile Chláir an Gaillimhe, Cumann Peile Bearna na Forbacha agus Naomh Anna Leitir Móir.
Sa tarraingt Idirmheánach beidh Seaimpíní Sóisear na hÉireann, An Cheathrú Rua agus i measc na bhfoirne a bheidh leo, beidh na foirne Gaeltachta eile - An Spidéal, Micheál Breathnach agus Oileán Árainn .
I bPríomhchraobh Shóisir 1 an Iarthair beidh An Fháirche, Carna Caiseal, Rinn Mhaoile agus an tAthair Ó Gríofa / Éire Óg.
Beidh ionadaithe ó Bhord an Chontae i láthair don tarraingt, chomh maith le hionadaithe ó chlubanna ar fud an chontae.
Beidh an tarraingt le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Luain 16 Meitheamh ó 8.30 pm go 9 pm.