Cuirfear tús spleodrach le Comórtas Peile na Gaeltachta 2025 i nGaeltacht Ráth Chairn, Contae na Mí an deireadh seachtaine seo idir 30 Bealtaine agus 2 Meitheamh agus beidh an t-aicsean uilig le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Le 30 uair a chloig d'ábhar beo ar an Raidió, beidh níos mó cluichí ná riamh á gcraoladh, go dtí go mbronnfar Corn an Aire tráthnóna Dé Luain.

32 bliain ó reáchtáladh Comórtas Peile na Gaeltachta i Ráth Chairn i 1993, tá sé á thionól ag CLG Chlann na nGael i mbliana. Imreoidh clubanna ó na seacht gcontae Ghaeltachta chomh maith le clubanna ó Áth Cliath agus ó Aontroim i gcomórtais na bliana seo.

Beidh Ródaí RnaG ag Páirc Peile Ráth Chairn don deireadh seachtaine, agus beidh tráchtaireacht beo ó na páirceanna ar fad le cloisteáil ó mheitheal spóirt Raidió na Gaeltachta, iad ag clúdach gach cluiche go dtí go mbuailfear an cic dheireanach ar an liathróid sa bhabhta ceannais.

Tosóidh an craoladh beo ar an Satharn 31 Bealtaine, ó 11am agus leanfaidh sé ar feadh an lae go dtí 9pm. Beidh foireann spóirt RnaG ag craoladh beo ó na cluichí i mBaile Átha Buí, i nDún Doire, Ráth Chairn agus i mBaile Ghib.

Ar an Domhnach 1 Meitheamh ag 11.30am, beidh Aifreann an Domhnaigh á chraoladh ó Shéipéal Naomh Padraig, Rath Chairn, Co. na Mí leis an tAthair Pádraig Mac Mathúna. Ansin, ó 12.15 - 9pm, craolfar cluiche ceannais idirmhéanach na mban, mar aon le cluichí leathcheannais sinsir agus sóisir na bhfear. Beidh cluichí leathcheannais sóisir na mban á chraoladh freisin.

Ar an Luan 2 Meitheamh, cuirfear clabhsúr le Comórtas Peile na Gaeltachta i Ráth Chairn, le tráchtaireacht bheo ar an ar an gceithre chluiche ceannais ó 9.55am - 6pm, go mbeidh an trófaí bronnta ar bhuaiteoirí Chluiche Ceannais Sinsir na bhFear an tráthnóna sin.

Craolfar dhá chlár speisialta Iris Aniar beo ón ródaí i gcroílár Ráth Cairn chomh maith. Dé hAoine, 30 Bealtaine ó 9.15 go 10.15am, tabharfar aghaidh ar an deireadh seachtaine agus gach a mbeidh ag tarlú. Ar an Luan 2 Meitheamh, beidh Iris Aniar i lár an aonaigh, ag labhairt le cuid den dream a bhéas fós ar an mbaile agus iad ag súil leis na cluichí ceannais.

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta: "Tá an Comórtas Peile ar cheann de na féilte is mó sa bhféilire againn mar phobal. Tá níos mó ag baint leis ná cursaí peile amháin, mar is ann a thagann muid le chéile le h-aghaidh 'n chraic, comhluadar agus cairdeas. Sin é an fáth go bhfuil an deireadh seachtaine seo ar cheann de mhór imeachtaí na bliana i bhféilire craolta RnaG. Seo’d é an craoladh spóirt is mó a dhéanann muid infheistíocht ann chuile bhliain agus beidh foireann an raidió ag craoladh 30 uair a chloig beo ó mhaidin Dé hAoine go tráthnóna Dé Luain, go dtí go mbronnfar na coirn náisiúinta, gan trácht ar an méid a bheidh ar na meáin shóisialta. Guíonn muid gach rath ar an gComórtas agus oraibhse ar fad a bheidh i láthair."

Chomh maith le cluichí ag an gComórtas, beidh tráchtaireacht ar na cluichí sa gCraobh Shinsir Peile le cloisint ar an Sathairn agus ar an Domhnach freisin.

Na foirne a bheidh ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta 2025:

Comórtas Sinsir na bhFear: An Tearmann (Dún na nGall), Bhulf Tón (An Mhí), An Rinn (Port Láirge), An Ghaeltacht (Ciarraí), Béal an Mhuirthead (Maigh Eo), Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh), Cill na Martra (Corcaigh), An Spidéal (Gaillimh)

Comórtas Sóisir na bhFear: Clann na nGael (An Mhí), Lios Póil (Ciarraí), Na Gaeil Óga (Áth Cliath), Cill Chomáin (Maigh Eo), An Cheathrú Rua (Gaillimh), Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh), Naomh Náille (Dún na nGall), Laochra Loch Lao (Aontroim), An Seanphobal (Port Láirge)

Comórtas Sóisir na mBan: Gráinne Mhaol (Gaillimh), Béal an Mhuirthead (Maigh Eo), Bhulf Tón (An Mhí), Clann na nGael (An Mhí), Na Gaeil Óga (Áth Cliath), Naomh Columba (Dún na nGall), Laochra Loch Lao (Aontroim)

Comórtas Idirmheánach na mBan: Gaeil Fhánada (Dún na nGall), Bearna (Gaillimh), Naomh Abán (Corcaigh), Naomh Anna Leitir Móir (Gaillimh)

Comórtas Sinsir na mBan: An Clochán Liath (Dún na nGall), Baile Cláir na Gaillimhe (Gaillimh)

Ná caill tráchtaireacht, faisnéis, tuairiscí, torthaí agus anailís an deireadh seachtaine seo, beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Beidh pictiúirí, físeáin agus eolas ó Chomórtas Peile na Gaeltachta le fáil ar leathanaigh meáin shóisialta @rternag i gcaitheamh an deireadh seachtaine.