Tá an craoltóir Aogán Ó Muircheartaigh ar shlí na fírinne. Fuair sé bás ar an 26ú Bealtaine 2025.

Beifear á thórramh i dTigh Tórraimh Uí Chonchubhair sa Daingean óna 4 a chlog i.n. go dtí 6 a chlog i.n. ar an gCéadaoin an 28ú. Beidh Aifreann sochraide Aogáin á cheiliúradh i Séipeál Naomh Gobnait i nDún Chaoin ar an nDéardaoin 29ú Bealtaine ag a 12.30 i.n. Déanfar corp Aogáin Uí Mhuircheartaigh a chréamadh go príobháideach.

Thosnaigh Aogán ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta in Eanair 1979 agus thug sé tréimhsí ag obair ar na cláracha An Saol Ó Dheas, Peann agus Pár, Siosmaid agus Focail Chlóite i measc scata eile. Mar oifigeach réigiúin bhí sé lárnach chomh maith i mbunú agus i bhforbairt sceideal na maidine ar RnaG i lár na n-ochtóidí. D'éirigh sé as in 2009.

Ba scríbhneoir agus eagarthóir cumasach ildánach é. Ar na cnuasaigh filíochta leis bhí Oíche Ghréine (1987) a bhuaigh duais Sheáin Uí Ríordáin ag Oireachtas na Gaeilge, Drúcht ar Chneas (1992) agus Athbheatha (2002), agus an sárchnuasach deireanach uaidh, Os Cionn Talún, a foilsíodh in 2015.

Athinsint ar na seanscéalta a bhí ar thrí leabhar tábhachtach eile leis: Táin Bó Cuailgne (1992), Cath Fionntrá (1994) agus Diarmaid agus Gráinne (2001). Bhí éagsúlacht mhór ag baint lena shaothar mar aistritheoir agus eagarthóir.

Bhí sé ina eagarthóir ar an gcnuasach aistí Oidhreacht an Bhlascaoid (1989) agus bhí sé tamall ina eagarthóir ar an iris Feasta.

Ar na leabhair a d’aistrigh sé bhí scéalta do dhaoine óga le Valentin Katayev agus Boris Zakhoder, saothar filíochta le Mícheál Fanning, agus saothar le Kristiina Ehin, scríbhneoir ón Eastóin. In Catullus Gaelach dhein sé leaganacha nua de cheithre cinn de dhánta Laidine Catullus.

Dúirt Dara Ó Cinnéide, Bainisteoir Réigiúin an Deiscirt, RTÉ Raidió na Gaeltachta gur "duine cneasta, tuisceanach, léannta é Aogán a raibh ana bhéim i gcónaí aige ar chruinneas cainte agus ar an bhfriotal dúchasach. Fear ab ea é a chuirfeadh comhairle do leasa ort i gcónaí agus duine é a bhí i dtiúin le daonnacht na muintire. Chreid sé sa bhfocal moltach agus dhein sé beart de réir briathar. Tá oidhreacht uasal, shaibhir fágtha ina dhiaidh aige i gcartlann Raidió na Gaeltachta agus táimid go léir fé chomaoin aige dá bharra."

Maireann a bhean Kay, leanaí Cathnia, Cuán, Aifric, Oisín, Síomha agus Oscar, agus a gcéilithe, Hilary, Claire, Tim agus Orla, gar chlann, Hayley, Kaylin, Cian, Cuán, Aogán, Setanta, Conrí, Fiachna, Aoibhe, Méabh, Gráinne, Sadhbh, Evan agus Seán, gaolta agus cairde.

Go raibh suaimhneas síoraí aige agus leaba i measc na bhfilí is na nollamh.