Is ar Bhríde de Róiste atá Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta 2024 bronnta agus ghlac sí leis an ngradam ag Oireachtas na Gaeilge, le linn Comórtas Chorn Uí Riada.

Bronntar an gradam seo mar chomhartha ómóis agus aitheantais ar dhaoine nó ar ghrúpaí a bhíonn ag saothrú ar son na teanga agus ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Níl cur síos ná insint scéil ar an méid atá déanta ag Bríde de Róiste le breis agus dhá scór bliain i gCeatharlach ar son na Gaeilge, ar son an phobail ina ceantar agus ar son an chontae go ginearálta. Bhí tionchar ollmhór aici ar chúrsaí oideachais ag gach leibhéal agus chaith sí blianta mar mhúinteoir agus mar phríomhoide. Bhí lámh aici ar na coistí a bhunaigh Naíonra Cheatharlach, Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc agus Gaelcholáiste Cheatharlach. Bhí sí ceannródaíoch i bhforbairt an oideachais trí Ghaeilge i gceantar nach raibh an teanga dhá labhairt go coitianta ná fréamhaithe ann ag an am sin.

Bhríde de Róist

Is mó aithne atá ag pobal Cheatharlaigh uirthi mar dhuine a rinne a cion i measc páistí, déagóirí agus daoine fásta, le go mbeadh ar a gcumas an Ghaeilge a shealbhú agus a bhuanú ar bhealach nádúrtha agus taitneamhach. As neart a gnímh, ar son na Gaeilge agus ar son phobal Cheatharlaigh in imeacht na mblianta, d'fhág sí a lorg ar go leor. Chuaigh sí i gcion ar na húdaráis áitiúla, na meáin, lucht gnó, scoileanna agus an pobal lena mbaineann sí leis an sprioc a bhaint amach. Fuair sí maoiniú agus urraíocht ó institiúidí stáit, ó eagraíochtaí forbartha agus ó lucht tráchtála, léiriú ar an muinín a bhí acu as a fís agus as a cumas.

Bhí sí ina Cathaoirleach ar Choiste Ghlór na nGael, agus lárnach ar an gcoiste áitiúil i gCeatharlach a d’eagraigh féilte agus imeachtaí, ranganna Gaeilge agus ócáidí shóisialta. Eagraíodh féilte éagsúla i gCeatharlach, ina measc Éigse Cheatharlach agus an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach agus go leor, leor eile, imeachtaí a rinne agus a dhéanann freastal ar gach aoisghrúpa sa cheantar, agus a thugann pobal náisiúnta, idirnáisiúnta agus ár gcairde Ceilteacha go Ceatharlach.

Thar aon rud eile, chuaigh Bríde i bhfeidhm ar an bpobal, agus dhá réir bhláthaigh suim agus meas an phobail ar an nGaeilge. Murach Bríd agus an obair éachtach atá déanta aici, is cinnte nach mbeadh bunús chomh láidir ná an oiread rath ar an nGaeilge i gCeatharlach is atá inniu.

Nuair a bhronn Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta Gearóid Mac Donncha an gradam ar Bhríd dúirt sé: "Le go dtiocfaidh fás agus forbairt ar aon rud i measc an phobail bíonn daoine ag teastáil atá sásta obair a dhéanamh chun é a bhrú chun cinn, obair dheonach, obair chrua, obair mhall anróiteach, ach obair a bhfuil toradh an tsaothair le feiceáil air. Sin é atá déanta ag Bríde de Róiste agus a lorg fágtha ar Cheatharlach.

Mar stáisiún, mar chraoltóir agus mar eagraíocht i saol na Gaeilge, teastaíonn uainn an t-aitheantas agus an t-ómós atá dlite de Bhríde de Róiste, agus an buíochas atá ag dul di as a cuid éachtaí, a thabhairt di leis an ngradam seo.

Is aitheantas é an gradam ar an obair atá déanta ag Bríde, ach is aitheantas é chomh maith do phobal labhartha na Gaeilge i gCeatharlach, atá níos láidre de bharr an méid atá déanta ag Bríde. Tréaslaím do ghradam leat a Bhríde, agus gura fada buan tú."

Bronnadh Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta, atá deartha ag an dealbhóir Jarlath Daly, ar Bhríd de Róiste le linn Chorn Uí Riada ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne Dé Sathairn 2 Samhain 2024.


Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta

2007 - Buaiteoirí Chorn Uí Riada

2008 - Máire Ní Cheocháin

2009 - Seán Ó Sé

2010 - Monsignor Ó Fiannachta

2011 - Máire Nic Niallais

2012 - Amhránaithe Thóraí

2013 - Seán Ó Liathán

2014 - Maidhc Dainín Ó Sé

2015 - Pobal Ráth Chairn

2016 - Joe Steve Ó Neachtain

2017 - Na Gaeil Óga

2018 - Gearóid Ó Tuathaigh

2019 - Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta

2020 - Tomás Mac Eoin

2021 - Níor tugadh amach é

2022 - John Beag Ó Flatharta

2023 - An tAthair Seán Ó Gallchóir

2024 - Bríde de Róiste