Rinneadh an tIar Thánaiste Máire Ní Chochlainn a cheapadh ina Cathaoirleach ar CLG Dhún na nGall ag Coinbhinsiún an Chumainn i mBealach Féich aréir. Is í an chéad bhean riamh ina Cathaoirleach ar an CLG i nDún na nGall, agus an 4ú bean riamh tofa ina Cathaoirelach ar Choiste Contae den CLG.
Tá aon bhliain déag caite ag Máire Ní Chochlainn mar Rúnaí ar CLG Naomh Náille.
Ní raibh iomaíocht don phost, de bharr gur tharraing an bheirt eile a bhí ainmnithe, Seán Dunnion agus Ciarán Kelly as an rása.
Don chéad uair riamh tá cúigear ban tofa ar CLG Dhún na nGall. An Cathaoirleach Máire Ní Chlochainn, An Cisteoir Grace Boyle, An tOifigeach Caidrimh Poiblí, Sinéad Breen, An Leas Rúnaí Máire Uí Cheallaigh agus an tOifigeach Cultúir Caitríona Mhic Suibhne.
Tagann Máire Ní Chochlainn i gcomharbhacht ar Fergus Mac Aoidh, a bhfuil bliain amháin caite aige mar Chathaoirleach.
In agallamh ar an chlár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, ghabh Máire Ní Chochlainn buíochas leis an iar Chathaoirleach, Fergus Mac Aoidh as chuid oibre le bliain anuas. Dúirt sí go raibh bliain dheacair aige agus go ndearna sé a dhícheall i gcónaí.
Dúirt sí go bhfuil súil aici gur féidir leis an Choiste Bainistíochta nua thofa comhoibriú le chéile ar mhaithe le pobal CLG Dhún na nGall.
Dúirt sí, agus í ag tagairt den achrann a bhí sa chontae le bliain, go bhfuil súil aici go mbeidh níos mó deiseanna ag cumainn na contae ceisteanna a thógáil leis an Choiste Bainistíochta an chéad bhliain eile, agus caithfear díriú ar chothrom na féinne agus meas a léiriú i gcónaí, a dúirt sí.