D'fhógair RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go bhfuil Gradam Shéamuis Mhic Géidigh d’imreoir na craoibhe 2023 i nDún na nGall le bronnadh ar Oisín Gallen ó fhochumann Sheáin Mhic Cumhaill.

Chuaigh cumann Sheáin Mhic Cumhaill chomh fada le cluiche leathcheannais na contae i mbliana agus bhí taispeántais Gallen in achan cluiche ar fheabhas. D’aimsigh sé 1-9 i gcluiche amháin sa chraobh i mbliana.

Is as Bealach Féich ó dhúchas do Gallen atá 23 bliain d’aois. Ba sa bhliain 2018 a d’imir sé a chéad chluiche sa chraobh sinsir.

Dúirt Damien Ó Dónaill, Cathaoirleach Choiste Gradam Shéamuis Mhic Géidigh; "Bhí taispeántais Oisín Gallen i gcluichí craoibhe na bliana seo ar fheabhas agus chruthaigh sé deacaireachtaí d’achan fhoireann a d’imir siad i mbliana. Bhí foirne áirithe a shocraigh beirt imreoir a chur air ach bhí a chuid imeartha chomh maith sin i mbliana sa chraobh nach dtiocfaidh é a stad. Beidh lucht leannta Dhún na nGall agus Cumann Mhic Cumhaill ag súil le bliain mhór uaidh i 2024 agus na gortaithe a bhí ag cur as dó le roinnt blianta curtha uaidh aige anois.

Comhghairdeas le hOisín, agus mo bhuíochas fosta d’iriseoirí spóirt na contae seo a tháinig le chéile le buaiteoir ghradam na bliana seo a roghnú."

Bronntar Gradam Shéamuis Mhic Géidigh gach bliain ar imreoir na craoibhe i nDún na nGall. Is iad coiste d’iriseoirí spóirt Dhún na nGall as na meáin chlóite agus craolta a dhéanann an rogha. Cailleadh an craoltóir Séamus Mac Géidigh sa bhliain 2016, fear a raibh aithne faoi leith air as feabhas a chuid tráchtaireachta ar chluichí CLG. Thionscain RTÉ Raidió na Gaeltachta an gradam seo ina onóir.

Go dtí seo, bronnadh an gradam ar Michael Murphy, Mark McHugh, Odhrán Mac Niallais, Ciarán Thompson, Caolan Ward agus ar Brendan Mc Dyre anuraidh.

Is é an dealbhóir Redmond Herrity a chruthaigh an gradam as Cloch Eibhir Dhún na nGall i gcruth an Earagail, le pictiúr Shéamuis Mhic Géidigh greanta chun tosaigh air.