Craoladh roinnt cláracha ómóis d'ár gcara agus d'ár gcomhghleacaí Rónán Mac Aodha Bhuí an tseachtain seo caite tar éis dó bás a fháil Dé Máirt 19 Meán Fómhair in aois 53 bliain. Suaimhneas síoraí dó.

Is féidir éisteacht siar leis na cláracha anseo - cliceáil ar theidil an cláir, agus osclóidh an taifead.

Barrscéalta Dé Céadaoin 20/9
Labhair Michelle le cairde, comhghleacaithe, agus lucht aitheantais Rónán, agus scéal a bháis tagtha an tráthnóna roimhe sin.

Tús Áite Dé Céadaoin 20/9
Labhair Fachtna Ó Drisceoil le cairde agus iar-chomghleacaithe le Rónán faoi.

Barrscéalta Déardaoin 22/9
Cuid de na míreanna is fearr ó chláracha Rónáin thar na bliana

Bladhaire Déardaoin 21/9
Bhailigh cairde agus ceoltóirí i nDoirí Beaga chun a gcara Rónán a thabhairt chun cuimhne agus a shaol a cheiliúradh.
Craoladh an clár beo ar Facebook Nasc anseo


Cuideachta Ceoil Dé hAoine 22/9
Clár speisialta ceoil in ómós do Rónán a craoladh cothrom an ama a raibh aifreann a shocraide ar siúl.

Bladhaire Dé hAoine 22/9
Míreanna den scoth ó chláracha Rónáin thar na blianta

Rogha na Seachtain Dé Sathairn 23/9
An chuid is fearr de na míreanna ómóis a bhí ann do Rónán i rith na seachtaine.

Cas Ceirnín Dé Sathairn 23/9
Na píosaí ceoil, na hamhráin agus na píosaí filíochta a craoladh le cúpla lá sna cláracha ómóis,
chomh maith le cuid de na hamhráin ab ansa le Rónán.

Ceol a'Ghleanna Dé Domhnaigh 24/9
Ómós ag Ciarán Ó Maonaigh dá chara agus dá chomharsan Rónán Mac Aodha Bhuí.