Tá an craoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí ar shlí na fírinne. Fuair sé bás sa bhaile i gCois Cláidigh Dé Máirt in aois 53 bliain.
Thosaigh Rónán ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta ag tús na nóchaidí, agus tá a ainm ceangailte go dlúth leis an stáisiún ó shin. Bhí sé ar dhuine de na craoltóirí Gaeilge is aitheanta sa tír, agus is iomaí duine a mheall sé i dtreo na teanga agus domhan na ngael lena phaisean dá theanga dhúchais agus don chultúr Gaelach.
Rugadh Rónán Mac Aodha Bhuí i gCorcaigh, ach bhog an teaghlach go Gaoth Dobhair i dTír Chonaill nuair a bhí sé trí mhí d'aois, agus bhí sé préamhaithe go domhain sa chontae sin ó shin. Chuaigh sé i mbun craoltóireacht den chéad uair sa bhliain 1987 ar stáisiún raidió bradach i mBaile Átha Cliath, agus stáisiún eile i Leitir Ceanainn. Fuair sé post sa seomra nuachta i Century Radio sa bhliain 1988, agus chaith sé bliain nó mar sin ag obair ansin ar an nuacht Ghaeilge, sular bhog sé go dtí RTÉ. Chaith sé roinnt blianta ag obair le cúrsaí teilifíse ansin, ar an tsraith Scaoil Amach an Bobailín le Seán Bán Breathnach agus Bláthnaid Ní Chofaigh, agus ar an gclár Ecu! Ecu! Fuair sé tairiscint ansin dul ag obair do Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath agus clár an iarnóin, Cois Life, a chur i láthair, rud a rinne sé ar feadh trí bliana. Bhog sé ar ais go Gaoth Dobhair tamall ina dhiaidh sin, i ndiaidh dó píosa taistil a dhéanamh, agus seal a chaitheamh i gConamara, agus thosaigh sé ag obair le Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga.
D'oibrigh Rónán ar go leor, leor cláracha éagsúla ar RnaG ó shin, idir cláracha irise, cláracha ceoil agus cláracha nuachta. Orthu sin, bhí an clár irise Barrscéalta 1996, an clár ceoil Cúl an Tí a chuir sé i láthair le Hughie Mac Gairbheith, agus an clár ceoil Géill Slí. Ba ar an gclár Géill Slí a craoladh an chéad amhrán le liricí Béarla ar RnaG, Blister in the Sun le The Violent Femmes, nuair a cuireadh Anocht fm ar bun sa bhliain 2005.
Ba sa bhliain 2006 a tháinig a chlár Rónán Beo ar an aer den chéad uair, agus ba tríd an gclár sin a chuir go leor daoine aithne ar Rónán mar chraoltóir. Bhí éisteoirí ar fud na tíre ag an gclár, idir óg agus aosta, agus bhíodh an-éagsúlacht ábhair le cloisteáil ann - ceol, siamsaíocht, agallaimh, cúrsaí sláinte, cócaireacht, scéalta nuachta agus míreanna grinn - 'mixture maxture’, mar a déarfadh sé féin. Craoladh an clár beo ón Oireachtas den chéad uair sa bhliain 2008, agus ó shin i leith bhíodh sé mar chuid lárnach den fhéile, tús neamhoifigiúil leis an ócáid, mar a baisteadh air. Chuirfeadh Rónán clár spleodrach, spraoiúil, fiáin i láthair na sluaite a bhí bailithe ann, agus bhíodh na héisteoirí ag súil go mór leis gach bliain.
Chreid Rónán go láidir i gcumhacht an raidió, agus chreid sé freisin gurb é ról an iriseora an fód a sheasamh don duine a bhí faoi chois, an duine beag. Bhí ardmheas agus ómós aige don saíocht, agus thaitin sé go mór leis a bheith ag foghlaim ó na glúnta níos sine faoi chora cainte agus nósanna agus a leithéid.
Is iomaí gradam a bhain Rónán mar chraoltóir. Bronnadh Gradam Pearsa Raidió na Bliana Oireachtas na Gaeilge air i 2009, 2010 agus 2016. Bhain a chlár Rónán Beo Gradam Sraith Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i 2010, 2011 agus 2015. Bronnadh an gradam do Phearsa Raidió na Bliana air ag Féile na Meán Cheilteach i 2011, agus bhain Rónán Beo Clár Raidió Gaeilge na Bliana ag Gradaim Náisiúnta PPI i 2012 agus i 2018. Bronnadh Gradam Ghlór na nGael ar Rónán níos luaithe i mbliana, mar aitheantas a chuid oibre le cúrsaí craolacháin Gaeilge agus bhronn Conradh na Gaeilge Gradam an Uachtaráin air i mí Feabhra mar aitheantas as a chuid oibre do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Bhí a chroí go hiomlán sa teanga Ghaeilge agus i gcultúr na nGael. Bhunaigh sé an Ciorcal Craiceáilte agus an Cabaret Craiceáilte chun ócáidí sóisialta i nGaeilge a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta. Bhí sé an-tugtha don cheol agus thuig sé go raibh tábhacht faoi leith le tionscal an cheoil Ghaelaigh a chothú. Thug sé ardán do cheoltóirí agus bannaí a bhí ag feidhmiú trí Ghaeilge ar an raidió, agus tríd an gCabaret Craiceáilte, agus thug sé spreagadh agus uchtach dóibh. Bhí dáimh ar leith aige le muintir Oileán Thoraí, agus is iomaí turas a thug sé ar an oileán le blianta fada anuas.
Bhí ard-mheas ag Rónán freisin ar phobal Gaeilge na Sé Chontae, agus acu siúd airsean freisin, agus ba é Rónán a bhí mar fhear an tí ag an mhórshiúl iomráiteach a bhí ag An Dream Dearg sa bhliain 2014 ag lorg cearta teanga.
Maireann a bhean chéile Bernie, a iníon Fionnuala, deartháireacha, deirfiúracha, gaolta agus cairde.
Dúirt Kevin Bakhurst, Ard-Stiúrthóir RTÉ:
"Cúis mhór bróin dom bás Rónáin. Fear é a raibh a chroí go hiomlán sa teanga agus i gcraoltóireacht na Gaeilge. Ceannródaí a bhí ann i gcúrsaí raidió, agus beidh lorg a shaothair le braith go ceann i bhfad. Méala mór a bhás dá mhuintir, dá chairde, agus dá chomhghleacaithe ar fud na heagraíochta, agus buille mór atá ann do chraoltóireacht na Gaeilge tré chéile. Suaimhneas síoraí dó."
Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ RnaG:
"Ní féidir é a chur i bhfocail an tionchar a bhí ag Rónán Mac Aodh Bhuí ar a phobal, ná an gean agus grá a bhí ag an bpobal sin dó. Pobal mór millteach leathan fairsing atá ann, pobal na Gaeltachta, pobal na Gaeilge, pobal an cheoil, ealaíontóirí agus scríbhneoirí, feilmearaí agus iascairí, dochtúirí agus dlíodóirí, daoine óga agus daoine nach bhfuil chomh hóg sin, iad sa mbaile agus thar lear, agus iad uilig faoi bhrón ag scéal a bháis."
"Craoltóir den chéad scoth a bhí i Rónán, a thuig raidió mar mheán, agus chruthaigh sé píosaí raidió a fhanfaidh i gcuimhne na ndaoine ar feadh i bhfad. D’fhág sé a lorg mar chraoltóir ar bhealach nach bhfuil déanta ag aon chraoltóir eile i saol na Gaeilge ná i saol an Bhéarla. Tá muid go mór faoi chomaoin aige as an méid a rinne sé don stáisiún seo, agus don Ghaeilge lena linn."
"Thar cheann an stáisiúin seo agus thar mo cheann féin, ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh lena bhean Bernie, a iníon Fionnuala, agus a mhuintir ar fad, ina measc a dheartháir Cian, iar-chomhleacaí dár gcuid anseo, a chuid cairde uilig agus foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta, go h-áirid foireann Dhoirí Beaga."
Dúirt Aodh Máirtín Ó Fearraigh, Bainisteoir Réigiún an Tuaiscirt, RTÉ RnaG:
"Ba chraoltóir den chéad scoth a bhí i Rónán. Bhí sé fiosrach, tuisceanach, cliste, neamhfhaiteach agus dána. Ní raibh a shárú le fáil. Cronóidh go mór é. Comhbhrón ó chroí lena bhean chéile Bernie, lena iníon Fionnuala, lena dheartháir Cian a bhíodh ag obair linn tráth, agus leis an teaghlach uilig. Go raibh suaimhneas síoraí aige."
Craolfar trí chlár speisialta ómóis do Rónán ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo. Dé Céadaoin ag 11 am, craolfar eagrán speisialta de Bharrscéalta. Déardaoin agus Dé hAoine, beidh eagráin speisialta ómóis den chlár Bladhaire ann.
