Tá dhá fholúntas againn faoi láthair i gCeannáras RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla - Clár Reachtaire agus Reachtaire Leanúnachais.
Clár Reachtaire
Tá folúntas do Chlár Reachtaire againn i gCasla i gCo. na Gaillimhe faoi láthair. Ina theannta sin, tá súil againn painéal a bhunú as a bhféadfar aon fholúntais a d'fhéadfadh teacht chun cinn a líonadh amach anseo.
Oibríonn an Clár Reachtaire i bpáirt le meitheal léiriúcháin, teicneolaíochta agus bainistíochta le seirbhís raidió den chéad scoth a chur ar fáil don phobal éisteachta.I measc na ndualgas a bheidh ar an gClár Reachtaire, beidh:
- Taighde, léiriú agus láithriú ar chláir agus feasacháin i réimsí éagsúla
- Obair iriseoireachta agus tuairisciú
- Cóip nuachta a scríobh, a aistriú agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu
- Agallaimh agus píosaí fuaime a thaifead sa stiúideo agus ar láithreacha seachtracha eile
- Eagarthóireacht a dhéanamh ar phíosaí fuaime atá réamhthaifeadta
Tá muid ag lorg daoine leis na tréithe seo a leanas:
- Gaeilge den scoth, idir scríobh agus labhairt
- Taithí chraoltóireachta nó iriseoireachta
- Tuiscint faoi leith ar shaol cultúrtha agus polaitíochta na tíre, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta
- Cruthaitheacht, fiosracht agus samhlaíocht
- Tuiscint ar an nuacht agus an cumas chun breith stuama eagarthóireachta a thabhairt
- Scileanna eagrúcháin agus cumarsáide den scoth agus a bheith in ann oibriú as a stuaim féin nó mar chuid d'fhoireann léiriúcháin
- Scil agus spéis in úsáid a bhaint as na meáin shóisialta chun críche nuachta, chun ábhar a sheachadadh agus cur leis an lucht éisteachta
- Suim agus eolas acu faoin tseirbhís a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil don phobal
Beidh solúbthacht agus uaireanta neamhrialta i gceist, an deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí san áireamh. D’fhéadfadh sé go mbeadh taisteal i gceist ó am go chéile ag brath ar na dualgais oibre. Is í an Ghaeilge teanga oibre agus craoltóireachta na seirbhíse. Cuirfear traenáil ar fáil de réir mar a theastaíonn.
Conradh lán aimseartha ar bhonn leanúnach le scála tuarastail ó €48,717 - €65,278 sa bhliain atá á thairiscint.
Iarrtar ar iarrthóirí Curriculum Vitae a chur ar aghaidh chomh maith le litir chumhdaigh. Ba chóir píosa 500 focal a bheith sa litir chumhdaigh a dhéanann cur síos ar na cúiseanna gur mhaith leis an iarrthóir a bheith ina Chlár Reachtaire agus an méid gur mhaith leis/léi a bhaint amach sa ról. Ní mór an dá cháipéis a bheith i nGaeilge, agus iad a bheith mar chomhad amháin mar chuid den iarratas ar líne.
Is é Déardaoin, an 14 Meán Fómhair 2023, ag 5pm an spriocdháta d'iarratais.
Is féidir breis eolais a fháil, agus cur isteach ar an bpost, ag an nasc seo
_________________________________________________
Reachtaire Leanúnachais
Tá folúntas do Reachtaire Leanúnachais i gCasla i gCo. na Gaillimhe faoi láthair. Oibríonn an Reachtaire Leanúnachais i bpáirt le foireann léiriúcháin, teicneolaíochta agus bainistíochta le seirbhís raidió den chéad scoth a chur ar fáil don phobal éisteachta.I measc na ndualgas a bheidh ar an Reachtaire Leanúnachais, beidh:
- Scripteanna leanúnachais a scríobh agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu
- Nasc labhartha a thabhairt amach ar an raidió idir cláracha mar chuid den ról leanúnachais
- Láithriú ar Chlár na bhFógraí agus cláracha ceoil
- Deasc fuaime a oibriú go héifeachtach mar chuid den ról leanúnachais agus sa stiúideo chun cláracha a thaifead nó a chur go haer
- Oibriú le iriseoirí agus craoltóirí chun cláracha agus ábhar ar ard-chaighdeán a chur ar fáil don lucht éisteachta
Tá muid ag lorg daoine leis na tréithe seo a leanas:
- Gaeilge den scoth, idir scríobh agus labhairt
- Sciobtha ag réiteach fadhbanna a thagann chun cinn ó am go chéile ag craoladh beo nuair atá tú faoi bhrú
- Suim agus eolas acu faoin tseirbhís a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil don phobal
- Suim i gceol, amhráin agus ábhar eile a chraoltar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
- Suim réasúnta i gcúrsaí teicneolaíochta
- Scileanna eagrúcháin agus cumarsáide agus atá in ann oibriú as a stuaim féin nó mar chuid d'fhoireann
Beidh solúbthacht agus uaireanta neamhrialta i gceist, an deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí san áireamh. Is í an Ghaeilge teanga oibre agus craoltóireachta na seirbhíse. Cuirfear traenáil ar fáil de réir mar a theastaíonn.
Conradh lán-aimseartha mar Reachtaire Leanúnachais ar fheidhm sheasta ar feadh sé mhí atá á thairiscint le scála tuarastail ó €37,244 - €46,453 sa bhliain.
Iarrtar ar iarrthóirí Curriculum Vitae a chur ar aghaidh chomh maith le litir chumhdaigh. Ní mór an dá cháipéis a bheith i nGaeilge, agus iad a bheith mar chomhad amháin mar chuid den iarratas ar líne.
Is é Déardaoin, 14 Meán Fómhair 2023, ag 5pm an spriocdháta d'iarratais.
Is féidir breis eolais a fháil agus cur isteach ar an bpost, ag an nasc seo