Tá Seán Ó Duibhir, iar-chomhghleacaí linn anseo sa Raidió, tar éis bháis. Ba as Cois Cláidí, An Bun Beag do Sheán. Thosaigh sé ag obair i stáisiún RnaG i nDoirí Beaga sa bhliain 1994. Bhí sé aitheanta go háirithe le cláracha spóirt agus cláracha ceoil, dhá ábhar go raibh suim mhór aige féin iontu, agus chaith sé blianta fada ag cur Cas Ceirnín i láthair. D'éirigh Seán as a chuid oibre sa bhliain 2014.
Rinne an t-iar Cheannaire agus an t-iar Bhainisteoir Réigiúin Edel Ní Chuireáin comhbhrón le muintir Sheáin ar Bharrscéalta ar maidin, agus labhair sí ar na cuimhní a bhí aici air.
"Tá fear uasal, cineálta ar lár… Fear pléisiúrtha, geal gháireach ab ea Seán. Fear é a bhí millteanach, millteanach eagraithe maidir lena chuid oibre, agus bhíodh miongháire ar a aghaidh i gcónaí, bhíodh spion maith air an t-am uilig. Fear é a bhain sult as a shaoil, an fhad is a bhí sé i mbarr a shláinte, amuigh ag damhsaithe agus céilithe, bhí a chroí sa cheol, agus bhí a chroí ina theaghlach."
Ba mhaith linn anseo sa Raidió comhbhrón a dhéanamh le iníon Sheáin, lena cheathrar mac, agus leis an teaghlach agus a chuid cairde uilig. Go raibh suaimhneas síoraí aige.