Cuirfidh Tristan Rosenstock an tsraith nua Cuimhní Ceoil i láthair gach Máirt ag 2.05 pm don chuid eile de Sceideal an tSamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Sa tsraith, labhrann Tristan le seachtar ealaíontóirí ó chúlraí éagsúla – scríbhneoirí, damhsóir, aisteoirí, ceoltóirí agus scannánóirí, faoi chuid de na píosaí ceoil i mó a bhí mar chuid d'fhuaimriain a saoil ag amanta cinniúnacha agus tábhachtacha dóibh.

Deir Tristan: "Tá cumhacht sa cheol, agus is minic go dtugann píosa ceoil faoi leith siar ar bhóithrín na smaointe muid go dtí am faoi leith, agus daoine faoi leith, inar saol. Sa tsraith seo, cloisfimid cuimhní agus nascanna ceoil a thabharfaidh ón gcliabhán go dtí leaba an bháis muid, agus faoin sólás, an misneach agus an spreagadh a thugann an ceol do dhaoine."

Is iad na haíonna a bheidh faoi agallamh ag Tristan ná an t-amhránaí Aodán Ó Ceallaigh, an ceoltóir agus an cumadóir Cormac Breathnach, an damhsóir Sibéal Davitt, an file Seosamh Ó Murchú, an scríbhneoir Eoghan Mac Giolla Bhríde, agus an t-amhránaí opera Bríd Ní Ghruagáin, agus sa chéad chlár Dé Máirt 25 Iúil beidh sé i mbun comhrá leis an aisteoir Bairbre Ní Chaoimh.

Labharfaidh Bairbre leis faoin gceol a chuireann i gcuimhne di an chéad uair a thit sí i ngrá, agus an ceol a bhí le cloisteáil aici agus í ag tabhairt leanbh ar an saol. Tá Bairbre i bpáirt Chlíodhna sa dráma raidió Carthanach Chlíodhna atá le cloisteáil ar RTÉ RnaG gach Déardaoin faoi láthair ag 8.30 pm.

Beidh Cuimhní Ceoil le cloisteáil gach Máirt ag 2.05 pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is féidir éisteacht siar leis an gclár anseo.

________________________________________

In this new series Cuimhní Ceoil, Tristan Rosenstock meets with artists from different backgrounds who talk about the pieces of music that have formed the soundtrack to different important times in their lives, and the memories associated with them.