Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag tabhairt aghaidh ar iarthar an Chláir ar 2 Iúil dá dturas bliantúil go Scoil Samhraidh Willie Clancy, agus beidh siad ag craoladh beo ón bhféile i Sráid na Cathrach ón Domhnach 2 Iúil go Déardaoin 6 Iúil.
Tá páirtnéireacht fad-bhunaithe idir an scoil agus RTÉ RnaG a théann siar go dtí 1973 nuair a cuireadh an fhéile ar bun, agus bhí RnaG i láthair gach bliain ó shin.
Tosóidh an craoladh i mbliana leis an gceolchoirm mhór sa halla Dé Domhnaigh ag 8 pm, Ceiliúradh Ceoil. Is í Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh an ócáid i láthair agus orthu siúd a bheidh ar stáitse, beidh Muintir Mulcahy, Marian Curtin agus Therese McInerney, Joe de Georgeo, Mick O'Brien, Edel Vaughan, Bríd Ní Mhaoilchiaráin, Méabh & Annie Smyth agus go leor eile.
Ansin, ón Luan beidh siad ag craoladh beo ón Ródaí taobh amuigh de halla an phobail, i gcroílár an bhaile. Beidh an clár Ríl an Ródaí le cloisteáil ó 2.05 pm pm go 4 pm Luan go Déardaoin, agus beidh agallaimh agus ceol beo le cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír le cloisteáil ar an gclár. Is í Áine Hensey a bheidh sa chathaoir ó Luan go Céadaoin, agus is í Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh an clár i láthair Déardaoin.
Beidh agallaimh agus ceol beo le plúr na gceoltóirí, na n-amhránaithe agus na ngrúpaí ceoil sa traidisiún ag Neansaí Ní Choisdealbha dúinn gach tráthnóna freisin ó Luan go Céadaoin ag 7 pm ar an gclár Ceol Binn ó na Beanna beo ón bhféile.
Beidh pictiúirí, físeáin agus neart ábhair eile ón bhféile le fáil ar mheáin shóisialta RTÉRnaG i gcaitheamh na seachtaine.
_________________________________
RTÉ Raidió na Gaeltachta will make its annual musical pilgrimage to West Clare on 2 July for Scoil Samhraidh Willie Clancy, and will be broadcasting live from there from Sunday 2 July to Thursday 6 July. This will be the 51st year of partnership between the legendary summer school and the Irish language station.


