Tá folúntas ag RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi láthair don phost mar Bhainisteoir Réigiún sna Doirí Beaga i nDún na nGall agus cuirfear fáilte roimh iarratais ar an bpost.
Post sinsearach bainistíochta agus eagarthóireachta atá i gceist, ag tuairisciú do Cheannaire na seirbhíse. Oibríonn an té seo mar chuid den fhoireann bhainistíochta chun an stáisiún a stiúradh agus a fhorbairt chun an líon is mó lucht éisteachta agus is féidir a mhealladh agus, ag an am céanna, ár gcúram seirbhíse poiblí a chomhlíonadh. Mar cheannaire foirne cuideoidh an duine seo le seirbhís raidió trí Ghaeilge den chéad scoth a chur ar fáil taobh istigh de na hacmhainní daonna agus airgeadais atá ar fáil.
Beidh an té a cheapfar freagrach as rannóg RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDún na nGall a bhainistiú, measúnú agus maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas léirithe agus eagarthóireachta, acmhainní agus buiséid a bhainistiú agus a riaradh. Beidh ar an té seo caighdeáin ábhar craolta, obair iriseoireachta agus cur i láthair a mheas agus a fhorbairt. Beidh teagmháil rialta ag an mBainisteoir Réigiún le rannóga eile in RTÉ.
Tá iarrthóirí á lorg:
- le fís, tuiscint, taithí eagarthóireachta agus cumas cinntí stuama eagarthóireachta a dhéanamh i réimsí éagsúla: nuacht, cursaí reatha, siamsaíocht, spóirt agus eile
- atá in ann feidhmiú go cumasach agus go hábalta faoi bhrú, fuinneamh agus cruthaitheacht a léiriú, agus a bheith tiomanta do sheirbhís atá cuimsitheach, cothrom agus neamhchlaonta a sholáthar
- le sár-scileanna cumarsáide, atá in ann foireann chruthaitheach iriseoireachta agus léiriúcháin a spreagadh agus a threorú
- le tuiscint ar chraolachán seirbhíse poiblí, treoirlínte RTÉ agus eolas beacht ar éiteas agus lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta, le tuiscint ar riachtanais an phobail sin, agus iad a chur i gcroílár gach a dhéanaimid
- le taithí ar cheannaireacht i ról eagarthóireachta nó léiriúcháin, agus comhordú ar chraoltaí seachtracha
- atá in ann caidreamh sármhaith a chruthú le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha chun tograí agus smaointe a bhrú chun cinn
- le sár-scileanna eagrúcháin agus pleanála
- le ardchaighdeán i labhairt agus i scríobh na Gaeilge
Is buntáiste a bheadh ann do dhuine dá mbeadh scil agus spéis acu in úsáid a bhaint as na meáin shóisialta chun ábhar a sheachadadh agus cur leis an méid daoine gur suim leo an tseirbhís.
Bainisteoir Rannóige Grád 3 é leibhéal an cheapacháin seo agus beidh an post á thairiscint mar cheapachán lánaimseartha ar bhonn leanúnach. Iarrtar ar iarrthóirí litir iarratais, Curriculum Vitae agus cáipéis (1,000 focal) a chur chugainn. Beidh plé le déanamh ar na pointí seo a leanas sa cháipéis 1,000 focal.
- Déan cur síos ar an bhfís atá agat do thodhchaí na seirbhíse sa réigiún agus na tosaíochtaí a bheadh agat mar Bhainisteoir Réigiún.
- Cén chaoi a gcuirfear do phlean i gcrích agus tabhair léargas ar na dúshláin agus na deiseanna a bheidh ann.
Ní mór an trí cháipéis a bheith i nGaeilge, agus iad a bheith mar chomhad amháin mar chuid den iarratas ar líne.
Is é an spriocdháta i gcomhair iarratais ná Dé Luain 19 Meitheamh 2023 5 i.n
Tá RTÉ tiomanta don éagsúlacht ina lucht saothair agus fáiltíonn roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Fostóir comhionannais deise é RTÉ agus déantar iarratais cáilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéas chlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil.