Tháinig an scéala brónach chugainn tráthnóna inné go raibh ár gcara agus iar-chomhghleacaí linn, Peadar Ó Cúláin, théis bháis. Suaimhneas síoraí dó.

Is i mBothúna i gceantar an Spidéil a rugadh Peadar, nó Peter Phádraig Pheadair Phatch, ach bhí cónaí air i mBóthar na Trá i nGaillimh le blianta fada.

Chaith Peadar blianta ag obair linn i Raidió na Gaeltachta, i rannóg na nuachta, i rannóg na gclár agus ar leanúnachas.

Chomh maith leis sin, bhí aithne mhór ar Pheadar as a chuid aisteoireachta. Bhí sé an-ghníomhach i gcúrsaí drámaíochta i gConamara, agus is aige a bhí páirt Pheter sa tsraith raidió Baile an Droichid. Bhí sé le feiceáil sa sobalchlár Ros na Rún agus sa scannán Samhlú, scannán faoin tsamhlaíocht agus faoin gcultúr a bhuaigh gradam do TG4 arú anuraidh.

Ba mhinic Peadar ar an stáitse freisin le hAisteoirí Chois Fharraige agus i dTaibhdhearc na Gaillimhe, áit a raibh sé ina stiúrthóir tráth den tsaol.

Bhíodh sé i mbun oibre mar aistritheoir freisin.

Maireann a bhean Carol, beirt iníon agus triúr mac leis, deartháir amháin, beirt deirfiúr, a gclann siúd arís agus gaolta eile.

Dúirt an Ceannaire Gearóid Mac Donncha

"Fear gealgháireach, cineálta, greannmhar agus cumasach ab ea Peadar, a bhí flaithiúil lena chuid ama agus lena chuid comhairle i gcónaí agus is cúis mhór bróin dúinn go bhfuil sé anois ar shlí na fírinne."

"Tá muid ag cuimhneamh ar a bhean Carol, na gasúir, a ghaolta agus a chuid cairde uilig ar fhoireann an Raidió agus taobh amuigh den teach seo."

"Suaimhneas síoraí dá anam uasal gaelach."